Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Ní leabhar a spreag Dia é seo agus ní cuid de chanóin na Críostaíochta ná de Tanach na nGiúdach é. Taispeántar é chun críocha stairiúla agus staidéir amháin. Féach ar an míniú iomlán

Eagna 8 - An Bíobla Naofa 1981

1 Leathann an eagna go láidir ó imeall go himeall na cruinne agus riarann sí gach uile ní go maith.

2 Dise a thug mé gean; is í a bhí á lorg agam ó m'oige anall; ba mhian liom í a bheith agam mar nuachar, óir chuir a háilleacht draíocht orm.

3 Is maise ar a huaisleacht chine í a bheith ar aontíos le Dia; tá grá ag Tiarna na nUile di;

4 Óir ligeadh léi rúneolas Dé agus is í a roghnaíonn na hoibreacha atá le déanamh aige.

5 Más earra inmhianaithe é an saibhreas sa saol seo, cad is saibhre ná an eagna? Nach í a dhéanann an uile ní?

6 Más gníomhú gaoise atá i gceist, cé is mó is ceardaí a bhfuil ann seachas í?

7 Agus má ghránn aon duine an fhíréantacht, is suáilcí iad torthaí a saothair. Óir múineann sí an mheasarthacht agus an chríonnacht, an ceartas agus an chrógacht; agus níl rud ar bith sa saol seo atá níos tairbhí do dhaoine ná iad sin.

8 Más mian le haon duine eolas fairsing a fháil, bíonn iarbhios ar ar tháinig agus réamhfhios ar a dtiocfaidh aici; agus tuigeann sí conas nathanna a chumadh agus tomhaiseanna a réiteach; comharthaí agus éachtaí, torthaí na dtráthanna agus na n‑aoiseanna, is eol dise iad go léir.


Tá Gá ag Rialtóirí Léi

9 Ar an ábhar sin, shocraigh mé ar í a thabhairt chun aontís liom, mar bhí a fhios agam go dtabharfadh sí dom comhairle le linn an tséin agus sólás in aimsir na himní agus an bhróin.

10 Tríthi dar liom, gheobhainn moladh ó na sluaite, agus dá óige féin mé, thabharfaí gradam dom i gcomhluadar seanóirí.

11 Nuair a thabharfainn breith, d'aithneofaí géire m'intinne, agus bheadh meas ag na huaisle orm.

12 Dá bhfanfainn i mo thost, d'fhanfaidís-sean go dtosóinn ag caint; agus thabharfaidís aird orm, nuair a labhróinn; agus dá leanfainn liom ag labhairt ar feadh i bhfad, leagfaidís lámh ar a mbéal le barr iontais.

13 Tríthi leis gheobhainn bua na neamhbhásmhaireachta agus bheadh cuimhne orm go deo acu siúd a thiocfadh i mo dhiaidh.

14 Bheinn i mo rí ar a lán náisiún, agus chuirfinn mórán ciníocha faoi mo smacht.

15 Thiocfadh critheagla ar thíoránaigh fhíochmhara, nuair a chloisfidís iomrá orm. Chruthóinn go maith mar rí i leith mo mhuintire féin agus bheinn cróga sa chogadh.

16 Nuair a d'fhillfinn abhaile, ligfinn mo scíth ina teannta; mar ní rachadh mo chaidreamh léi chun searbhais choíche. Óir, ní buaireamh ach áthas agus lúcháir a chuireann aontíos léi ar dhuine.


Lorgfaidh Solamh an Eagna

17 Tar éis dom na nithe sin a mheá i m'aigne, agus a mheabhrú dom féin i mo chroí istigh, go bhfaightear neamhbhásmhaireacht ó bheith gaolmhar leis an eagna,

18 agus fíoraoibhneas ó chairdeas a shnaidhmeadh léi agus saibhreas do-ídithe ó shaothar a lámh, agus gaois óna comhluadar a thaithí agus dea-chlú ó chomhrá a dhéanamh léi, chuaigh mé timpeall chun a fháil amach cén chaoi a ngabhfainn chugam féin í.

19 Ba thréitheach an leanbh mé féin ó dhúchas agus thit sé de chrann orm go bhfuair mé anam uasal,

20 nó, ba chirte dom a rá, toisc mé a bheith uasal, chuaigh mé isteach i gcorp gan smál.

21 Ach ó thuig mé nach raibh aon slí eile ann dom chun seilbh a fháil uirthi ach go dtabharfadh Dia dom í - agus ba chomhartha tuisceana é a aithint cé uaidh a dtiocfadh an tabhartas seo - d'iompaigh mé chun an Tiarna á agairt agus dúirt mé leis ó mo chroí amach:

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí