A Ghiúdacha Lorgaigí an Fhíréantacht, Foinse na Neamhbhásmhaireachta1 A rialtóirí an domhain, bíodh grá agaibh don fhíréantacht; bíodh an-mheas agaibh freisin ar an Tiarna agus lorgaigí é le hintinn ghlan. 2 Óir is iad na daoine nach mbaineann triail as a fhaigheann é; taispeánann sé é féin do na daoine nach ndiúltaíonn creidiúint ann. 3 Is iad na smaointe mímhacánta a scarann an duine ó Dhia; agus nuair a chuirtear féachaint ar a Uilechumhacht bascann sí lucht na díchéille. 4 Óir ní rachaidh an eagna isteach in anam cealgach, ná ní dhéanfaidh sí cónaí i gcorp atá faoi dhaorbhroid an pheaca. 5 Teitheann spiorad naofa na dea-oiliúna ón gcamastaíl, agus tugann sé a chúl le smaointe gan chiall, agus baintear siar as le teacht na hurchóide. 6 Spiorad daonnachtúil is ea an eagna ach ní mhaithfidh sé a bhriathra don diamhaslóir. Óir tá Dia ina fhinné ar na mianta is doimhne atá ann, agus breathnaíonn sé a chroí go fírinneach agus éisteann sé lena chuid cainte. 7 Mar tá Spiorad an Tiarna tar éis an domhan go léir a líonadh; agus is eol dó siúd a choinníonn gach ní le chéile an uile fhocal a labhraítear. 8 Ar an ábhar sin ní fhanfaidh duine ar bith i bhfolach a labhraíonn go héagórach, agus nuair a thabharfaidh an chóir breithiúnas, ní scaoilfidh sí thairsti é. 9 Cuirfear fiafraí ghéar ar sheifteanna an duine aindiaga agus tabharfar tuairisc do Dhia ar a bhriathra chun go smachtófar é de dheasca a choireanna. 10 Óir tá cluais chruinnaireach ag éisteacht le gach uile ní agus níl cogarnaíl chnáimhseála ar bith a fhágfar faoi cheilt. 11 Seachnaígí cnáimhseáil éadairbheach; coinnigí bhur dteanga ón mbéadán; óir an chaint a dhéantar faoi choim ní rachaidh sí saor ó phionós, agus milleann béal bréagach an t‑anam. 12 Ná cuir thú féin i mbaol báis trí dhul ar seachrán ó bhealach na beatha; ná tarraing léirscrios anuas ort féin le do mhíghníomhartha. 13 Mar níorbh é Dia a rinne an bás, ná ní ábhar áthais dó bascadh na mbeo. 14 Is amhlaidh a chruthaigh sé gach rud chun go mairfeadh sé go deo. Is folláin iad dúile an domhain; níl aon nimh mharfach iontu, ná níl aon tiarnas ag ifreann ar talamh. 15 Is neamhbhásmhar í an fhíréantacht. Drochdhaoine agus an Bás16 Ach ghlaoigh daoine aindiaga an bás chucu lena ngníomhartha agus lena mbriathra araon. Cheap siad gurbh é a gcara é agus bhíodh siad ag meath le cumha ina dhiaidh; rinne siad conradh leis, ar is iad atá oiriúnach le bheith i bpáirt leis. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart