Ní leabhar a spreag Dia é seo agus ní cuid de chanóin na Críostaíochta ná de Tanach na nGiúdach é. Taispeántar é chun críocha stairiúla agus staidéir amháin. Féach ar an míniú iomlán Eagna 2 - An Bíobla Naofa 19811 De dheasca a gclaonmhachnaimh dúirt siad le chéile: “Is gairid dobrónach é ár saol; agus nuair a bhíonn an bás ag teannadh leis an duine ní bhíonn aon leigheas aige air; ná ní fios ar fhill aon duine ó ifreann riamh. 2 Óir is de thaisme a rugadh sinn, agus san am atá le teacht beimid amhail is nach rabhamar ann riamh. Puth deataigh is ea an anáil atá inár bpolláirí agus níl inár réasún ach spréach a ghineann bualadh ár gcroí. 3 Nuair a mhúchfar í, déanfar luaith dár gcorp agus scaipfear anáil na beatha ar nós an aeir neamhsheasmhaigh. 4 Le himeacht aimsire ligfear ár n‑ainm i ndearmad agus ní chuimhneoidh aon duine ar ár ngníomhartha. Séidfear ár mbeatha chun siúil ar nos dhlaíóg dheiridh scamaill, agus scaipfear í mar cheobhrán atá á thóraíocht ag gathanna na gréine agus á chloí ag a teas. 5 Go deimhin níl inár mbeatha ach scáth a ghluaiseann thart; agus ní féidir ár mbás a chur ar gcúl, mar tá séala curtha air; agus níl aon duine a fhilleann ar ais. 6 Téanam ort, mar sin, agus bainimis aoibhneas as na maitheasaí atá ann. Bainimis earraíocht as nithe cruthaithe le díocas dúthrachtach na hóige. 7 Bíodh ár lándóthain againn d'fhíon costasach agus de chumhráin; ná fágaimis gan baint go fiú aon bhláth earraigh amháin. 8 Corónaímis sinn féin le cocáin róis súla bhfeofaidh siad; (ná bíodh aon mhóinéar ann nach ngabhfaidh ar ndrabhlás tríd). 9 Ná bíodh aon duine againn ann nach mbeidh páirteach inár ragairne; fágaimis comharthaí áineasa i ngach uile áit; óir is é sin ár gcuid agus ár gcinniúint. 10 Déanaimis leatrom ar an mbochtán fíréanta; agus ná bíodh trua againn do bhaintreacha; ná tugaimis ómós do sheanghruaig liath an duine aosta. 11 Socraíodh ár neartna cad is ceart óir is léir go bhfuil an lag gan éifeacht. 12 Déanaimis luíochán roimh an bhfíréan mar cuireann sé as dúinn, agus ní áil leis ár ngníomhartha; casann sé linn ár gcionta in aghaidh an dlí agus cuireann sé cúl le cine inár leith. 13 Maíonn sé go bhfuil aithne aige ar Dhia agus tugann sé mac Dé air féin. 14 Is ann a fhaigheann ár smaointe a ndaoradh; is mór an crá croí dúinn bheith ag féachaint air. 15 Óir is neamhchosúil a shaol le saol daoine eile; a mhalairt ar fad de nósanna beatha atá aige. 16 Daoine bréagchráifeacha atá ionainne, dar leis; coinníonn sé amach uainn mar a sheachnódh sé an brocamas. Dearbhaíonn sé gurb é an sonas is críoch don fhíréan, agus go bhfuil Dia aige féin mar athair. 17 Feicimis mar sin an fíor a ndeir sé: faighimis amach cén chríoch a bheidh air féin. 18 Más é fíormhac Dé é, déanfaidh Dia é a chosaint agus a shaoradh ó lámha a naimhde. 19 Cuirimis promhadh air le cruatan agus le céasadh go bhfeicfimid an cheansacht atá ann agus go mbainfimid triail as a fhoighne. 20 Daoraimis chun báis náirigh é mar beidh cabhair le fáil aige - is é féin a dúirt linn é.” 21 Mar sin a bhí siad ag cur is ag cúiteamh ach bhí dul amú orthu; chuir a n‑urchóid féin púicín ar a n‑intinn. 22 Níorbh eol dóibh na rúin atá ar eolas ag Dia, ní raibh dóchas acu go bhfaigheadh an ceart a dhíol, agus go dtabharfaí luach saothair do lucht na dea-bheatha. 23 Ach chruthaigh Dia an duine chun nach bhfaigheadh sé bás go deo. Ar dheilbh a nádúir féin a rinne sé é. 24 Trí éad an diabhail tháinig an bás isteach sa saol agus is iad na daoine atá i bpairt leis-sean a bhlaisfidh é. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart