Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Ní leabhar a spreag Dia é seo agus ní cuid de chanóin na Críostaíochta ná de Tanach na nGiúdach é. Taispeántar é chun críocha stairiúla agus staidéir amháin. Féach ar an míniú iomlán

Eagna INTRO1 - An Bíobla Naofa 1981

1

Leabhar na hEagna
Brollach
Scríobhadh an leabhar seo sa Ghréigis agus níor bhain sé leis an mBíobla Eabhrach. Áiríonn na hEaglaisí Protastúnacha agus an Eaglais Anglacánach é ar na hapacrafa. Ach tá sé le fáil sa Vulgáid Laidine, sa Seachtód Gréigise, agus áirítear ar chanóin scrioptúr na gCaitliceach Rómhánach é. Tugann an Seachtód “Eagna Sholaimh” air, agus úsáidtear an teideal sin fós ar uaire. Baineann an leabhar le litríocht na heagna i gcoitinne ach ní ionann a stíl ná a struchtúr le leithéid Leabhar na Seanfhocal, nó Síorach, lena nathanna coimre a mhúineadh an máistir dá scoláirí. Níl aon ghaol aige le miúin chliste Cóheilit ach chomh beag. Sa chéad chuid (cc. 1-10) faighimid óráid fhada phoiblí, agus aitheasc nó homaile sa dara cuid (11 – 19:22) ag ceiliúradh saothar na heagna diaga ag fuascailt Iosrael ón Éigipt.
Tugann an Seachtód “Eagna Sholaimh” ar an leabhar seo. Ní luaitear ainm Sholaimh sa leabhar féin, ach tá tagairt shoiléir dó. Ach níl san ainm sa teideal, agus níl sa tagairt úd féin, ach gnás nó cleas liteartha a chleachtar go minic i litríocht ghaoise agus nach cóir a ghlacadh sa chiall litreach. Scríobhadh an leabhar sa Ghréigis mar gur do chuallachtaí Giúdacha a bhí ina gcónaí san Éigipt é; bhí na cuallachtaí seo i gcruachás spioradálta mar go raibh an cultúr heilléineach ag bagairt go dána ar chreideamh ársa Iosrael. Bhí an baol ann go dtabharfadh na Giúdaigh seo ar fán droim láimhe lena ndúchas creidimh de bharr na mímhoráltachta gan srian, agus an mealladh a ghabh le hintlíocht fhealsúnacht na Gréige mar a bhí sí á cleachtadh i láithreacha móra léinn mar chathair Alastair. B'fhéidir go dtugann Eagna 2:1-5 sampla dúinn den sórt amhrais intleachtúil a bhuail a lán Giúdach san Éigipt agus a chuir a chos thar thairseach an Bhíobla Eabhraigh féin i Leabhar Chóheilit. Chuir Leabhar na hEagna roimhe an bhréag a thabhairt don sórt sin díreach argóinte – nach bhfuil sa saol ach mar ghal soip, gan bhrí gan chiall, agus nach bhfuil spéis ag Dia féin fiú amháin i moráltacht an tsaoil.
Ranna
Is féidir an leabhar a roinnt ina thrí ranna, agus is aonad ann féin gach roinn díobh.
(a) Cc. 1-5. Labhraítear leis na Giúdaigh. Gabhann an t‑údar clóca an rí Solamh air féin. Geallann sé luach saothair agus an neamhbhásmhaireacht don fhíréan agus bagraíonn damnú ar an gcoirpeach. Tá blas breise Eabhraise ar stíl na coda seo thar mar atá ar an gcuid eile den leabhar; ceaptar ar uaire dá bhrí sin gur in Eabhrais a scríobhadh an chuid seo (agus as seo amach go c. 10) ar dtús agus nach san Éigipt ach sa Phailistín a tharla sin. Dá mba amhlaidh a bhí, níorbh fholáir go n‑aistreodh údar eile na caibidlí sin go Gréigis agus go gcuirfeadh sé an chuid eile den leabhar mar bhreis leis. Ach níl na hargóintí ar son na tuairime seo chomh teann sin ar fad, agus dá bhrí sin is dócha gur bunsaothar aon údair amháin an t‑iomlán.
(b) Cc. 6-9. Tá an roinn seo dírithe, go reitriciúil ar a laghad, ar ríthe na nGintlithe. Is ó Dhia a fhaigheann siadsan a n‑údarás agus táid freagrach ina láthair i gcoirpeacht nó i mí-iompar. Tá gá ag ríthe ar fud an domhain le heagna, agus tá fáil acu uirthi más fonn leo. Sí an eagna bonn aontaithe na cruinne agus treoir an duine aonair ina shaol féin.
Sé an dlí féin an eagna de réir Leabhar na Seanfhocal agus Leabhar Shíorach; ach sé spiorad an Tiarna féin an eagna de réir an leabhair seo. Ní cáilíocht ná bua í an eagna ar féidir don duine a cheapadh, ach fabhar le himpí agus le fáil ó Dhia féin.
(c) Cc. 10-19. Léirítear conas a threoraigh Dia cúrsa stair Iosrael. Rinne sé amhlaidh lena eagna, mar a thaispeántar ar dtús i gcás Ádhaimh, agus ansin sna heachtraí móra bunúsacha agus i seanchas na n‑uasalaithreacha ar aghaidh go haimsir Mhaois. Cuirtear béim ar leith ar imeachtaí na fuascailte ón Éigipt. Tá dhá ghabhlán sa roinn seo. In 11:15 – 12:25 déantar cur síos ar conas mar a chuireann Dia pionós de réir a bpeacaí ar na hurchóidigh; agus i gcc. 13-15 pléitear cad is cúis leis an íoladhradh agus na peacaí go léir a shníonn ón gcoir mhór sin.
Log agus Dáta
Sé tuairim a lán scoláirí gur i gcathair Alastair san Éigipt a scríobhadh an leabhar seo. Ba í an chathair seo an lárionad ba thábhachtaí agus ba shaibhire ag na Giúdaigh sa domhan heilléanach, agus ba í leis lárionad mór intleachtúil agus eolaíoch na Meánmhara. Tá teanga an leabhair féin an-chosúil le Gréigis an tSeachtóid, leagan chathair Alastair den Bhíobla, agus tá na smaointe i Leabhar na hEagna gaolmhar go leor leis na smaointe a nochtar i scríbhinní eile Giúdacha ón gcathair sin.
Mar le dáta, is cinnte gur scríobhadh é tar éis leagan an tSeachtóid de na fáithe agus de na scríbhinní a chur ar fáil (c. 150 R.Ch.). B'fhéidir nach mbeadh dáta c. 50 R.Ch. i bhfad ón gceart. Is dóigh le formhór na n‑údar nach foláir nó gur scríobhadh é roimh aimsir Fileo an Giúdach (20 R.Ch. – 54 A.D.). Rinne an Giúdach seo ó chathair Alastair iarracht ar an gcreideamh Eabhrach agus an fhealsúnacht heilléanach a chumasc in aontas a sháraigh Leabhar na hEagna go mór i gcastacht agus i sofaisticiúlacht.
Diagacht
Dála Fileo, a chomhchathróir, tá an t‑údar seo againne eolach ar an dá thraidisiún mhóra – an creideamh Eabhrach agus an meon fealsúnach heilléanach a bhí chomh fionnachtach sin. Bhí cogadh na gcultúr á fhearadh os comhair súile na nGiúdach i gcathair Alastair, agus iad féin teanntaithe i measc págánach. Ba uain phromhtha é ag creideamh traidisiúnta Iosrael. Thug cuid de na Giúdaigh cúl leis an gcreideamh sin (2:12) ar mhaithe le fealsúnacht phágánach éigin, go háirithe cló éigin sceipteach di (2:1-20) nach bhfaca aon luach nó tréith mhorálach in ord uile na cruinne. Sin é faoi deara don údar tabhairt faoi fhadhb ársa an chúitimh. Ag plé na faidhbe seo dó is ea luann údar Leabhar na hEagna, den chéad uair sa Bhíobla seo againne, an bheatha shíoraí faoi aoibhneas i bhfochair Dé mar luach saothair ag na fíréin. Ba é an seantuairim a bhí ag nahEabhraigh go dtí sin nach raibh i ndán do na mairbh tar éis bháis ach sórt éigin saoil fann scáfar i Seól, i gcéin ó Dhia; agus gur ar an saol seo amháin a bhí díoltas nó luach saothair le dáileadh ag an Tiarna ar an gcine daonna. Ach tá céim ar aghaidh á dhéanamh ag údar an leabhair seo: déanann sé an t‑idirdhealú idir anam agus corp. Níor samhlaíodh do na hEabhraigh gur déantús é an duine de chorp ábharga, agus d'anam spioradálta; smaoiníodar ar an duine mar “chorp anamúil”, nó “animated body” mar a déarfá i mBéarla. Ach de bharr éifeacht an heilléanachais castar an coincheap “anam – corp” orainn den chéad uair sa leabhar seo, e.g. “tá an corp somhillte ina ualach ar an anam” (9:15). Is dóigh le lucht na díchéille go bhfuil na fíréin marbh tar éis na bpiolóidí agus an bháis a d'imir na héagráifigh orthu ach tá a n‑anamacha i láimh Dé agus tá siad faoi shuaimhneas (c. 3). Níl aon tagairt chinnte ag an údar d'aiséirí na colainne.
Sí an eagna deaslámh Dé sa chruthú; buailimid leis an smaoineamh seo arís sa Tiomna Nua, agus tagraítear do Chríost é. Feic Eagna 7:22 – 8:1 don dán ar cháilíochtaí na heagna, agus cur sin i gcomparáid le hEoin 1:1-4, Col. 1:15-17, Eabh. 1:2-3.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí