Bíobla ar líne

Fógraí

An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua


Barúch 4 - An Bíobla Naofa 1981 An Bíobla Naofa 1981
Barúch 4

1 Is ise leabhar aitheanta Dé agus an dlí a mhaireann go deo. Mairfidh a gcoinneoidh greim uirthi; éagfaidh a dtréigfidh í.

Aitheasc

2 Iompaigh, a Iacóib, agus beir uirthi; ar aghaidh leat i dtreo na loinnreach in airicis a cuid solais.

3 Ná tabhair do ghradam d'aon duine eile; ná bronn do phribhléidí ar chine coimhthíoch.

4 Is méanar dúinne, a Iosrael, mar is eol dúinn na nithe atá taitneamhach le Dia.

Gríosadh agus Sólású Labhraíonn Iarúsailéim lena Clann Féin -- agus Lena Comharsana

5 Bíodh misneach agaibh, a phobal liom, a shéadchomhartha Iosrael!

6 Ní chun go ndíothófaí sibh a díoladh leis na náisiúin sibh; is amhlaidh a tugadh ar láimh do bhur naimhde sibh toisc gur chuir sibh fearg ar Dhia.

7 Óir chuir sibh bhur gcruthaitheoir le buile toisc nach do Dhia ach do dheamhain a rinne sibh íobairtí.

8 Lig sibh i ndíchuimhne an Dia síoraí a chruthaigh sibh agus thairis sin chuir sibh brón ar Iarúsailéim, bhur mbuime.

9 Óir chonaic sí go raibh fearg Dé tar éis éirí in bhur gcoinne agus dúirt sí: Éistigí, a chomharsana Shíón; tá Dia tar éis buairt mhór a chur orm.

10 Óir chonaic mé mo mhacra agus m'iníonra á seoladh uaim ina mbraighdeanaigh chogaidh - pionós a ghearr an Neach Síoraí orthu.

11 Thóg mé iad go lúcháireach ach is faoi bhrón agus faoi bhuairt a b'éigean dom iad a ligean uaim.

12 Ná bíodh sé ina ábhar áthais ag aon duine mise a bheith i mo bhaintreach agus mé fágtha liom féin ag cách; tréigeadh mé de dheasca peacaí mo chlainne; óir chlaon siad ó dhlí Dé.

13 Níorbh eol dóibh a reachtanna; níor shiúil siad ar bhóithre aitheanta Dé ná níor lean siad bealaí teagaisc a fhíréantachta.

14 Tagadh comharsana Shíón anseo; cuimhnígí ar bhraighdeanas mo mhacra agus m'iníonra, a ghearr an Neach Síoraí orthu mar phionós.

15 Óir scaoil sé ina n‑aghaidh náisiún a tháinig ó i bhfad i gcéin, náisiún mínáireach, a labhair teanga choimhthíoch, nár thug urraim do sheandaoine agus nach raibh trua aige do leanaí óga,

16 agus a thug chun siúil macra muirneach na baintrí agus a d'fhág ina haonar í i bhfad óna hiníonra.

17 I dtaca liomsa de, áfach, conas is féidir dom cabhrú libh?

18 Óir, an té a scaoil na hanacraí anuas oraibh, sciobfaidh sé ó lámha bhur naimhde sibh.

19 Imígí libh, a chlann ó, imígí; mar táimse fágtha anseo i m'aonar.

20 Bhain mé róba na síochána díom agus chuir mé éadach róin an impígh orm; beidh mé ag glaoch ar an Neach Síoraí fad a bheidh mé beo.

21 Bíodh misneach agaibh, a chlann ó! Glaoigí ar Dhia! Eisean a sciobfaidh sibh ón ansmacht agus ó lámha bhur naimhde.

22 Óir is as an Neach Síoraí atá mo dhóchas go sábhálfar sibh; mar líon an tAon Naofa, bhur Slánaitheoir Síoraí, mo chroí le háthas de bharr na trócaire a dhéanfar oraibh ar ball beag.

23 Óir, sheol mé amach uaim sibh faoi bhrón agus faoi bhuairt; ach tabharfaidh Dia ar ais dom sibh le háthas agus le lúcháir a mhairfídh go deo.

24 Amhail mar a chonaic áitritheoirí Shíón bhur mbraighdeanas anois beag, sin mar a fheicfidh siad gan mhoill an tarrtháil a dhéanfaidh bhur nDia oraibh, tarrtháil a dhéanfar oraibh le mórghlóir agus le niamhracht an Neach Shíoraí.

25 Cuirigí suas go foighneach, a chlann ó, leis an racht feirge a lig Dia amach in bhur n‑aghaidh. Tá bhur naimhde tar éis teacht suas libh ach ar ball beag feicfidh sibh iad á mbascadh agus satlóidh sibh ar a muiníl.

26 Tá mo pheataí tar éis bóithre garbha a ghabháil; tógadh chun siúil iad mar thréad a ndearna an namhaid foghail air.

27 Músclaígí bhur misneach, a chlann ó; agus glaoigí ar Dhia. Óir, an té a tharraing an tubaiste seo oraibh, ní ligfidh sé i ndíchuimhne sibh.

28 Faoi mar a bhí sé ar intinn agaibh dul ar seachrán ó Dhia, casaigí ar ais anois agus lorgaigí é le barr bhur ndíchill.

29 Óir, an té a tharraing na hanacraí anuas oraibh, tabharfaidh sé aoibhneas síoraí daoibh, nuair a shábhálfaidh sé sibh.

Tugtar Sólás do Iarúsailéim

30 Bíodh misneach agat, a Iarúsailéim. An té a thug d'ainm duit, is é a ghríosann thú.

31 Is mairg dóibh siúd a thug drochíde ort agus arb ábhar áthais dóibh do thurnamh.

32 Is mairg do na cathracha a raibh do chlann ina sclábhaithe acu, is mairg freisin don chathair úd a ghlac le do mhacra.

33 Óir, faoi mar ab ábhar áthais di do thurnamh agus gur bhain sí taitneamh as do léirscrios, sin mar a bheidh sí trombhuartha mar gheall ar a bánú féin.

34 Bainfidh mé di an cómhaíomh a dhéanann sí as oll-líon a daonra agus déanfar dólás dá díomas.

35 Fearfaidh an Neach Naofa tine anuas uirthi ar feadh mórán laethanta agus beidh deamhain ina gcónaí inti go ceann i bhfad.

36 Breathnaigh soir, a Iarúsailéim, go bhfeice tú an t‑aoibhneas atá ag teacht chugat ó Dhia.

37 Féach! An macra a chonaic tú ag imeacht uait, tá siad ag filleadh agus iad bailithe le chéile ar ordú an Neach Naofa agus ag déanamh lúcháire faoi ghlóir Dé.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart