Ní leabhar a spreag Dia é seo agus ní cuid de chanóin na Críostaíochta ná de Tanach na nGiúdach é. Taispeántar é chun críocha stairiúla agus staidéir amháin. Féach ar an míniú iomlán Barúch 5 - An Bíobla Naofa 19811 Bain díot, a Iarúsailéim, do róba dobróin agus ainnise agus bíodh niamhracht ghlóir Dé á caitheamh agat go brách. 2 Cóirigh thú féin faoi bhrat na fíréantachta a thagann ó Dhia; cuir ar do cheann coróin ghlóir an Neach Shíoraí. 3 Óir taispeánfaidh Dia do bhreáthacht do gach náisiún faoin spéir. 4 Is é an t‑ainm a thabharfaidh Dia ort feasta: An tSíocháin a Ghineann an Fhíréantacht, An Ghlóir a Eascraíonn ón gCráifeacht. 5 Éirigh, a Iarúsailéim, agus seas ar na harda agus breathnaigh soir, go bhfeice tú do chlann agus iad bailithe le chéile anoir agus aniar, ar ordú an Neach Naofa agus iad ag déanamh lúcháire de bhrí go bhfuil Dia tar éis cuimhneamh orthu. 6 Óir, d'imigh siad amach uait de shiúl a gcos agus iad á dtiomáint ag a naimhde. Ach tá Dia á dtabhairt ar ais chugat agus iad á n‑iompar go glórmhar mar fhlatha ríoga. 7 Mar tá Dia tar éis ordú a thabhairt go n‑ísleofaí gach cnoc ard agus na sléibhte síoraí, agus go líonfaí isteach na gleannta, ina machaire réidh, chun go bhféadfadh Iosrael siúl go sábháilte slán faoi ghlóir Dé. 8 Tabharfaidh na coillte agus gach crann cumhra scáth d'Iosrael ar ordú Dé. 9 Óir treoróidh Dia Iosrael go lúcháireach agus leis an trócaire agus leis an ionracas is dual dó. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart