Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Ní leabhar a spreag Dia é seo agus ní cuid de chanóin na Críostaíochta ná de Tanach na nGiúdach é. Taispeántar é chun críocha stairiúla agus staidéir amháin. Féach ar an míniú iomlán

Barúch 3 - An Bíobla Naofa 1981

1 A Thiarna uilechumhachtaigh, a Dhia Iosrael, is anam buartha agus spiorad imníoch atá ag éamh ort.

2 Éist, a Thiarna, agus déan trócaire orainn, mar gur pheacaíomar i d'aghaidh.

3 Óir, bíonn tusa i do shuí ar do chathaoir ríoga i gcónaí ach bímidne ag meath gan stad.

4 A Thiarna uilechumhachtaigh, a Dhia Iosrael, éist anois le guí mhuintir mharbh Iosrael agus chlann mhac na ndaoine a pheacaigh i d'aghaidh; níor éist siadsan le glór an Tiarna, a nDia, agus carnadh tubaistí orainne dá bharrsan.

5 Ná cuimhnigh ar choireanna ár n‑aithreacha ach i láthair na huaire seo cuimhnigh ar do chumhacht agus ar de chlú féin.

6 Óir, is tú an Tiarna, ár nDia, agus molaimid thú, a Thiarna.

7 Is chuige seo a chuir tú eagla ar ár gcroíthe romhat: go nglaofaimis ar d'ainm; molaimid thú le linn ár ndeoraíochta mar dhíbríomar urchóid ár sinsear a pheacaigh i d'aghaidh, ónár gcroíthe.

8 Féach orainn inniu agus sinn ar deoraíocht sa tír ar scaip tú inti sinn le go ndéanfaí sinn a mhaslú agus a mhallú agus a smachtú mar gheall ar choireanna uile ár n‑aithreacha a thréig an Tiarna, ár nDia.


Adhmholadh na hEagna Ba é Tréigean na hEagna Bunúdar na Deoraíochta

9 Éist, a Iosrael, le haitheanta na beatha; tabhair cluas d'fhonn an chríonnacht a fhoghlaim.

10 Cén fáth, a Iosrael, cén fáth a bhfuil tú ag lonnú i dtír do naimhde agus ag dul in aois i dtír iasachta?

11 Cén fáth ar truaillíodh ag na mairbh thú agus ar áiríodh thú orthu siúd a théann síos go Háidéas?

12 Toisc gur thréig tú tobar na heagna.

13 Dá mbeitheá tar éis slí an Tiarna a leanúint bheitheá ag maireachtáil sa tsíocháin de shíor.

14 Foghlaim cá bhfuil an chríonnacht agus an chumhacht agus an tuiscint, chun a fháil amach ag an am céanna cá bhfuil fad saoil agus an bheatha agus solas don tsúil agus an tsíocháin.


Ní Furasta Teacht ar an Eagna

15 Cé a fuair amach riamh áitreabh na heagna? Cé a chuaigh isteach ina stórais riamh?

16 Cá bhfuil ceannairí na gciníocha agus ceansaitheoirí ainmhithe na cruinne?

17 Cá bhfuil foghlaeirí éanlaith an aeir agus lucht taiscthe airgid agus óir - nithe a gcuireann daoine a muinín iontu - ar dream iad nach bhfuil ríochan lena saibhreas.

18 Cá bhfuil na gaibhne geala a oibríonn chomh cúramach sin nach bhfuil cur síos ar ealaíontacht a saothair?

19 Tá siad go léir téaltaithe leo agus imithe síos go Háidéas agus tá dream eile tar éis éirí suas ina n‑áit.

20 Tháinig glúin níos óige ar an saol, agus d'áitrigh siad an tír ina ndiaidh; ach níorbh fhios dóibh ach oiread slí an eolais;

21 ná níor thug siad aird ar a bealaí ná ní raibh siad gafa léi chor ar bith; is amhlaidh a d'imigh a gclann mhac i bhfad ar fán óna bealach.

22 Níor chualathas trácht uirthi i gCanán; ná ní fhacthas í i dTéamán.

23 Fiú amháin sliocht Ágar a bhíonn ar thóir na tuisceana ar an talamh, agus trádálaithe [Mhidián] agus Théamán agus na seanchaithe agus lucht cuardaithe an eolais, níor aimsigh siad slí na heagna ná níor chuimhin leo a bealaí.

24 A Iosrael, nach mór go deimhin é teach Dé! Nach fairsing é a fhearannas!

25 Is leathan é go deimhin agus níl aon teorainn leis; is ard é chomh maith agus tá sé dothomhaiste.

26 Is ann a gineadh na fathaigh cháiliúla, a bhí ann anallód - fír a bhí an-ard agus oilte i gcúrsaí cogaidh.

27 Níorbh iad siúd a thogh Dia, ná ní dóibh a thaispeáin sé slí an eolais.

28 Bascadh iad toisc gan bua na tuisceana a bheith acu; díothaíodh iad mar gheall ar a ndíth céille.

29 Cé a chuaigh suas ar neamh chun breith uirthi agus chun í a thabhairt anuas chugainn ó na néalta?

30 Cé a chuaigh thar lear chun í a fháil agus a cheannach ar thogha an óir?

31 Ní eol d'aon duine an tslí chuici ná ní mian le duine ar bith an bealach chuici a leanúint.


Dia a Bhronn an Eagna ar Iosrael

32 Ach an té arb eol dó gach uile ní, is aithnid dósan í. Chuir sé eolas uirthi de thoradh a ghaoise. An té a chóirigh an chruinne chun go mbeadh sí ann go deo, líon sé le hainmhithe ceathairchosacha í.

33 Seolann sé an solas uaidh féin amach agus imíonn sé leis; b'eisean a ghlaoigh air; agus ghéill an solas dó le teann eagla.

34 Shoilsigh na réaltaí ina n‑ionaid faire agus rinne siad gairdeas.

35 Ghlaoigh sé orthu agus d'fhreagair siad: “Anseo sinn!” Thug siad solas uathu go lúcháireach don té a chruthaigh iad.

36 Eisean ár nDia; níl aon dia eile ann atá inchomórtais leis.

37 Fuair sé amach slite uile na gaoise agus thaispeáin sé do Iacób, a sheirbhíseach, iad agus do Iosrael, grá geal a chroí.

38 Ina dhiaidh sin, chonacthas ar an talamh í agus mhair sí i measc na hÁdhamhchlainne.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí