A chara, smaoinigh ar Íosa, ár n-idirghabhálaí aonair idir Dia agus daoine. Tríd a ainm, ní trí oibreacha, a thagann slánú agus maithiúnas peacaí, ionas nach mbeidh áit ar bith d’uaill dhaonna ach amháin do ghrásta Dé. Bronntanas iontach é an tslánú seo, ceann le cothú agus le meas, mar thug duine éigin a bheatha chun ár n-anamacha a shaoradh ó ifreann.
Tá sé ríthábhachtach caidreamh maith a choinneáil leis an Spiorad Naomh inár gcroí, ag iarraidh a láithreachta gach lá. Cuidíonn freastal ar an eaglais linn fanacht ar an mbóthar ceart, ag fáil cothú spioradálta a thógann suas, a athchóiríonn, a shuaimhníonn agus a cheartaíonn.
Chun an tslánú seo a bhaint amach, ní mór dúinn creideamh a bheith againn in Íosa agus é sin a léiriú trí chomhlíonadh a chuid aithne. Caithfidh an eaglais fanacht naofa i gcónaí, lán den Spiorad Naomh. Cé nach bhfuil a fhios againn an lá ná an uair, tá teacht ár Slánaitheora gar.
Níl aon ionadh níos mó ná an maithiúnas, an grásta agus an tslánú a thugann Dia dúinn. Labhraimis faoi Chríost agus roinnimis an scéal faoin tslánú le cách!
Agus sin, ré meas na haimsire, gur mithidh dhúinn a nois músgladh ó chodladh: óir is goire dhúinn a nois ar slanughadh na a nuáir do chreideamar.
Agus biaidh fúath ag gach uile dhuine dhíbh ar son manmasa: achd giodh bé fhuiléongas go dtí deireadh a sé so shlainéochthar.
Chúmhduighthear ré neart Dé tré chreideamh chum slánuighe atá ullamh ré a fhoillsiughadh sa naimsir dheigheanuidh.
Agus éiréochuid mórán dfáidhibh fallsa, agus meallfuid mhórán. Agus do bhrigh go mbía a néagcóir ar na meadughadh, fúairéochuidh carthannachd mhóráin. Achd gidh bé bhías seasmhach go deireadh, a sé shláineochthar.
Gidheadh sinne, atá ar gcloinn ag an lá, bímid meassardha, ar gcur éidigh ochda an chreidimh agus an ghrádha iomuinn; agus mhúinighne an tslánuighthe, mar chlogaid.
Uime sin, a chaired, amhuil tug sibh úmhlachd uáibh a goimhnuidhe, ní hé amháin dom láthairse, achd a nois go mórmhór ar mbeith dhamh bhur bhféugmhuis, sáothruighe bhur slánughadh féin maille ré faitchéas agus ré criothnughadh.
A dheabhráithre, má atá aóin neach bhur measg ar ndul ar seachrán ón bhfírinne, agus gur impóigh éinneach é; Atá bhur saidhbhrios lóbhtha, atá bhur gcluigheacha ar na nithe ó mhíoluibh críona. Bíodh a fhios aige go sárfuidh an tí do iompóigh an peacach ó sheachrán a shligheadh anam ó bhás, agus go gcuirfe folach ar iomad peacadh.
Agus sibhse, do bhí a nallód bhur gcoimhightheachuibh agus bhur náimhdíbh ann bhur ninntinn tré drochóibrighibh, do réidhigh sé a nois daóibh A gcorp a fhéola féin tré bhás, chum bhur ndéunta náomhtha glan agus neimhchiontach na fhíadhnuise féin: Má chómhnuigheann sibh go fonndameinteach daingean sa gcreideamh, gan bheith dhíbh ar bhur nathrughadh ó mhuinighin an tsoisgéil, noch do chúalabhair, agus do rinneadh sheanmóir dá gach uile chreatúr atá faói neamh, dá bhfuilimse Pól am mhinisdir;
Oír an dream atá ar na soillsiughadh áon uáir amháin, agus fuáir blas an tiodhluice neamhgha, agus lér roinneadh an Spiorad Náomh, Agus do bhlais deaghbhríathar Dé, agus subhailcidhe an tsáoghail atá chum teachda, Agus atá ar dtuitim, ní féidir a nathnúadhughadh a rís chum aithrighe; do bhrígh go bhfuilid ag céusadh Mhic Dé a rís dhóibh féin, agus ag sgige fáoi.
Gidheadh ní sinne an drung théid air ccúl chum dámnuighthe; achd chreideas chum a nanma shlánúghadh.
Gidheadh atá dfiachuibh oruinne buidheachas do bhreith do shíor ré Dí ar bhur sonsa, atá grádhuighthe ón Dtíghearna, ar a nadhbhar gur thogh Día sibh ó thosuigh chum slánaighthe tré náomthachd na Spioruidhe agus tré chreideamh na fírinne:
Ann a bhfuil bhur ndóíghse mar an gcéudna, ar gclos bréithre na fírinne dhíbh, shoisgéil bhur slánaighthe: trér cuireadh fós séula oruibh íar gcreideamh dháoibh, tré Sbiorad náomhthá na geallamhna.
Ar a nadhbharsa as cóir dhúinn aire rodhúthrachdach do thabhairt do na néithibh do chúalamar, deagla a ligthe thrínn dúinn uáir ar bith. Oír dob iomchubhaidh don tí, ar son a bhfuilid na huile neithe, agus tré a bhfuilid na huile neithe, ar dtabhairt mhorain cloinne dhó chum glóire, ceannurra a slánaighthe do dhéunamh iomlán tré bhuáidhearthuibh. Oír an tí náomhus agus an dream do nithear náomhtha is ó aon íad uile: uime sin ní ghabhann adhnáire é fá dhearbhráithribh do ghairm dhíobh, Ag rádh, Foillseóchuidh mé hainm dom dhearbhraithribh, molfuidh mé thú maille ré ceól a meadhón na heagluise. Agus a ris, Cuirfe mé mo mhuinighin ann. Agus a rís, Féuch misi agus an chlann tug Día dhamh. Uime sin ó atá fuil agus feóil ar na roinn ris an gcloinn, do ghabh seision mar an gcéudna a chuid díobh sin chuige; chum an tí agá bhfuil cúmhachd an bháis, éadhon an díabhal, dionnarbadh dhó tré bhás; Agus chum sáoirsi do thabhairt don mhéid do bhí feadh a mbeatha tré fhaitcheas an bháis fá chuing dháoirse. Oír go deimhin ní hé nadúir na naingeal do ghabh sé uime; achd a sé nadúir Abraham do ghabh sé uime. Air a nadhbharsin bá cóir dhó bheith cosmhuil ré na dhearbhráithribh sna huile neithibh, ionnus go mbíadh sé trócaireach agus na ardshagart díleas sna neithibh bheanas ré Día, chum an phubail do ghlanadh ó na bpeacaidhibh maille ré na iodhbairt. Oír do bhrígh air fhúlaing sé an tan do chuireadh cáthughadh air, is féidir leis cabhair do thábhairt don druing ar a gcurthar cáthughadh. Oír má bhí an bhríathar do labhradh tres na hainglibh seasmhach, agus má fuáir gach uile choir agus easúmhlachd an lúach sáothair do dhligheadar; Cionnas rachmáoidne as, má bhíonn neamhshuim aguinn ann a chomhór so do shlánughadh; noch do tionnsgnamh do sheanmórughadh ar tús ris an Dtíghearna féin, agus do deimhnigheadh dhúinn ris an druing do chúaluidh é;
Ar a nádhbharsin, a chaired, ó atá fios aguibh roimh láimh, tuguidh aire ribh, deagla ar mbeith meallta ré seachrán na druinge neimhdhíagha sin, go dtuitfeadh sibh ó bhur ndiongmhaltachd féin.
An tí bheireas buáidh, biáidh sé ar na éudughadh déuduighibh gléigheala; agus ní sgriosfad a ainm choidhche as leabhar na beatha, achd aidmeócha mé a ainm a bhfíadhnuise Mathar, agus a bhfíadhnuise a ainglidhibh.
Oír ní bhfuil náire óram fá shoisgéal Chríosd: do bhrigh gur ab é cúmhachd Dé é chum slánaighe dá gach áon chreideas; don Iúdaighe ar tús, agus fós don Ghréugach.
Oír dá bpeacuigheam dantoisg tar éis éolais na fírinne do ghabháil chuguinn, ní fhagthar íodhbairt aguinn ní sa mhó ar son na bpeacadh, Achd feitheamh báoghlach ris an mbreitheamhnus agus ré teas na teineadh, noch shluigfeas na námhuid.
As misi án fhíneamhuin, sibhsi na géuga: Gidh bé fhanus ionnamsa, agus misi annsan, do bheir sé toradh mór: óir gan misi ní héidir libh éainni do dhéanamh. Gidh be nach bhfanfa ionnamsa, teilgfithear amach é mar géig, agus críonfuidh sé; annsin chruinnighid daoine, agus cuirid sa teinigh íad, agus loisgthear íad.
Oír tar éis dealuighe dhóibh ré neamhghloine an tsáoghailse tré eólas an Tighearna agus an Tslanaightheóra Iósa Críosd, dá gcraiplighthear íad a rís innte, ar na sárughadh, as measa a gcríoch dheígheanach ná a dtosach. Oír do bhfearr dhóibh gan eólas do bheith aca ar shlíghe na firéuntachda, ná tar éis eólais dfaghail, impogh dhóibh ó náithne náomhtha tugadh dhóibh. Gidheadh do éiridh dhóibh do réir an tseanfhocail fhírinnigh, Do fhill an madradh tar a ais chum aithsgeathruighe; agus an mhuc do bhí ar na nighe chum a húnfurtaigh sa laithigh.
Agus gabhuidh chuguibh clogud na sláinte, agus cloidheamh na Sbioruide, eadhon bríathar Dé.
An tí dhá dtughabhair grádh, bíodh nach bhfacabhair é; ann a bhfuil sibh a nois ag creideamh, gé nach léir dhibh é, agus as a ndéuntaói gairdeachas ré lúathgháire dhófhaisnéis ghlórmhar: Ag glacadh chríche bhur gcreidimh, sláinte na nanmann.
Ní é gach uile neach a deir riomsa, A Thighearna, A Thighearna, rachas a sdeach sa rióghachd neamhdha; achd an té do ní toil Mhatharsa atá áir neamh. As iomdha daóine a deuraidh ríum annsa la úd, A Thighearna, a Thighearna, a né nach ad ainmsi do rinneamar fáigheadóireachd? agus ad ainmsi do theilgeamar a mach na deamhain? agus do rinneamar iomad míorbhuileadh? Achd cheana aidmheóchuidh misi ós aird dhóibh an tansin, Níor aithin mé a riamh sibh: imthighidh uáim, a luch déunta na heugcóra.
Uime sin an tí sháoileas bheith na sheasamh tugadh aire ris féin deagla go bhfuigheadh sé leagadh.
Agus ní bhfuil slánughadh a neach air bith eile: oír ní bhfuil ainm ar bith eile fáoi neamh ar na thabhairt do dháoinibh, lér ab éidir sinne shlánughadh.
Gidh be nach bhfanfa ionnamsa, teilgfithear amach é mar géig, agus críonfuidh sé; annsin chruinnighid daoine, agus cuirid sa teinigh íad, agus loisgthear íad.
Ionnas gur féidir leis an dream thig chum Dé thríd féin do shlánughadh go híomlán, ar mbeith dhó beó go síorruidhe chum eadarghuidhe do dhéunamh ar a son.
Achd a deir an Sbiorad go follas, go dtréigfidh dream áirighe an creideamh sna haimsearuibh deigheanacha, ag tabhairt aire do sbioraduibh seachranacha, agus do theagusguibh deamhan;
Ar a nadhbharsin tabhair dod aire toirbheartas agus buirbe Dé: a bhuirbe, do tháobh na muinntire do thuit; achd a thoirbheartas, duitsi, dá bhfana tú ann a thoirbheartus: nó gearrfuidhear thusa mar an gcéudna.
As mar na gcéudna fuáir Críosd a iodhbhairt éunuáir amháin chum peacuidh mhóráin do sgríos dó; agus búdh léir é an dara huáir gan pheacadh don druing atá ag fuireach ris chum slánuighthe.
Achd as ar neamh atá ar gcoinbhearsáidne; an tionad as a bhfuil súil aguinn fós ré teachd an Tslánaighthéora, an Tíghearna Iósa Críosd:
Atá an mhéid aguibh sháorthar trés an réachd, ar bhur ndealughadh ré Críosd; so thuiteabhair ó ghrás.
Achd cuirim fá smachd an cholann, agus do bheirim fá umhlachd í: deagla ar éunchor, ar ndéunamh seanmóra do dhruing eile dhamh, ccuirfidh mé féin air ccúl.
Oír as tré ghrás atá sibh ar bhur slánughadh tré ghrás atá sibh ar bhur slánughadh tré chreideamh; agus ní uáibh féin so: achd tioglacadh Dé:
Agus do éigheadar do ghúth árd, ag rádh, Slánughadh dár Ndíane atá na shuidhe sa gcathaóir, agus do Núan.
Uime sin ar gcur úaibh na huile neamhghloine agus iomarcuidh mailíse, gábhuidh chúguibh maille ré ceannsachd an bhríathar atá ar na plánndughadh ionnuibh, ler féidir bhur nanmanna shlánughadh.
Ní do réir na noibrightheadh bhfiréunnda do rinneamairne, achd do réir a thrócaire féin do sháor sé sinn, tré ionnladh na haithghineamhna, agus tré athnúadhughadh an Spiorad Náoimh;
Oír atá a dheirbhfhios agam, nach búdh héidir lé bás, na lé beatha, na lé hainglibh, ná lé húachdaranachuibh, ná lé cúmhachduibh, ná leis na neithibh atá do láthair, ná leis na neithibh atá chum teachda, Ná lé hairde, ná lé doimhne, ná lé creatúr ar bith eile, sinne dhéalughadh ó ghrádh Dé, atá a Niósa Críosd ar Dtighearna.
Ar a nadhbharsin giodh bé aidmhéochas misi eision a bhfíaghnuisi Mathair atá ar neamh. Agus gidh bé shéanfas misi a bhfíaghnuisi na ndáoine, séanfuidh misi eisean an bhfíaghnuisi Mathair a tá ar neamh.
Agus an dream úd air an gcarruic, noch an tan do chluinid, gabhuid chuca an briathar maille lé gáirdeachus; achd ní bhfuil fréamh aca so, noch chreideas feadh tamuill, agus fhilleas ar a nais a naimsir an chathaigthe.
Má nimíd fúlang bíam a rioghachd mar an gcéudna maille ris: dá séunam é, séunfa seision sinne mar an gceudna:
Noch a bhéuras dá gach éinneach do réir a ghníomhartha: Eadhon don druing iarrus tré fhoighid na deaghoibre glóir agus onóir agus neamhthruáilleadh, an bheatha mharrthanach: Achd don dreim ata ceannairrceach, agus nach umhluígheann don fhírinne, achd chreideas do néagcóruigh, dó bhéurthar diombugh agus fearg.