A chara, smaoinigh ar an bpeaca marfach seo, peaca a dhéantar go feasach, go leanúnach, gan aithrí. Glaonn Dia orainn, a chlann, maireachtáil i naomhóireacht (1 Peadar 1:16), agus ceartóidh sé sinn nuair a pheacaímid. Ní chiallaíonn sé sin go gcaillfimid ár slánú ná go mbeimid scartha ó Dhia go deo mar gheall ar ár bpeacaí. Smachtóidh sé sinn, áfach. "Óir smachtann an Tiarna an té a bhfuil grá aige dó, agus buaileann sé gach mac a ghlacann sé chuige féin" (Hebreachaigh 12:6).
Cuimhnigh, sular ghlac tú Íosa isteach i do chroí, bhí tú marbh de bharr do pheacaí agus do chiontaí. Ach fuair Íosa bás agus d’éirigh sé arís ionas go bhféadfaimis saol flúirseach a bheith againn. Mar sin, níl aon cháineadh ann dóibh siúd a admhaíonn a bpeacaí, a dhéanann aithrí, agus a chasann uathu, a bhuíochas le híobairt Íosa Críost. Inniu, is féidir leat taitneamh a bhaint as saol na naomhóireachta mar go naomhaíonn, maithíonn agus glanann a chuid fola thú ó gach olc.
Gach maidin nuair a dhúisíonn tú, déan réiteach le Dia. Cas ó do dhrochbhealaí, déan aithrí ar do pheacaí, agus gheobhaidh tú trócaire an Tiarna i gcónaí. Cuimhnigh, scartha ó Chríost, ní féidir linn tada a dhéanamh. Is ann dó a bhfuil an ráthaíocht iomlán go mbeidh saol saoir againn.
Gidheadh do bhí rioghachd ag an mbás ó Adhamh go Maóisi, ar a ndréim fós nar pheacaigh do réir chosamhlachda easumhlachda Adhuimh, noch atá na fhioghair ag an té úd do bhí chum teachda.
Ar a nadhbharsin déunaidh aithrighe, agus fillidh, ionnus go sgriosfuidhe bhur bpeacaidh, a núair thiocfus aimsir a nfúaraidh ó fhíadnuise an Tighearna;
Gidh bé cheilios a pheacuighe ní bhía biseach air: acht gidh bé admhas agus thréigios íad do gheabha sé trócaire.
Oír asé as tuarasdal don pheacadh bás; achd asé tabhartus De an bheatha mhárrthanach tré Iosa Críosd ar Dtighearna.
Atá a fhios aguinne gur hathruigheadh sinn ó bhás go beatha, do bhrígh go bhfuil grádh aguinn air na dearbhráithribh. An tí nach grádhuigheann a dhearbhrathair cómhnuighe sé a mbás.
Dá bhfaicidh éinneach a dhearbhráthair ag peacughadh a bpeacadh nach bhfuil chum báis, íarraidh sé, agus do bhéura sé beatha don tí nach déun peacadh chum báis. Ata peacadh ann chum báis: ní air a shon sin a deirim leis guídhe.
Na dhiáigh sin ar ngabháíl toirrcheasa chuige don nainmhían, beiridh sé peacadh: agus an tan, críochnuighthear an peacadh, beiridh sé bás.
Ar a nadhbharsin mar tháinic an peacadh air a tsáoghal tré áonduine amhain, agus an bás trés an bpeacadh; is mar sin ráinic an bás na huile dhaóine, ar son gur pheacuigheadar uile:
Bíodh fearg oruibh, gidheadh ná déunuigh peacadh: ná maireadh bhur bhfearg go dul na gréine fáoi: Agus ná tuguidh áit do diábhal.
Do fhreaguir Iósa íad, Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, Gidh bé do ní peacadh as seirbhíseach don pheacadh é.
Acht muirfidh an tolc an cionntach: agus sgriosfuighear an luchd agá bhfuil fúath air an bhfíréun.
Uime sin an bhfuil a ní maith ar na dhéunamh na bhás dhámhsa? nar léigidh Día sin. Achd an peacadh, ionnus go mhíadh sé follus na pheacadh, doibrigh sé bás ionnum trés a ní maith; do chum go mbíadh an peacadh na pheacadh áidhbhéileach trés a náithne.
Oír ní bhiáidh tighearnus ag an bpeacadh oraibh: do bhrígh nách fáoi an dligheadh atá sibh, achd faói ghrásuibh.
Uime sin a deirim, Siúbhluidh sa Sbiorúid, agus ní choimhlionfuidh sibh núanghus na colla.
¶ Agus má pheacuigheann anum, agus go ndéana éinní do na neithibhsi do toirmioscadh uime do dhéanamh lé haitheantuibh an TIGHEARNA; matá nach raibh a fhios aige, thairis sin atá ciontach, agus iomchóruidh sé a choir.
Ar a nadhbharsin créd é an toradh fúarabhair a nuáirsin ann sna neithibh fá a bhfuil náire a nois oraibh? oír as é as críoch dhóibh bás.
Noch, ar naithne dhlighe Dé dhóibh, (eadhon go dtuíllid luchd na ngníomhsa do dhéunamh bás,) achd mar an gcéudna cáomhnuid síad luchd a ndéunta.
Bí slighe ann do chithear ceart do dhuine, acht isé a chríoch sin slightheacha an bháis.
Oír tan do bhámair sa bhfeóil, do bhiodh míangus na bpeacadh, trés an reachd, ag oibriughadh ann ar mballaibh chum toraidh do thabhairt chum báis.
Ach do chrann feasa maitheasa agus uilc, ní íosaidh tú dhe sin: óir ánnsa ló a níosa tú dhe éugfa tú go deimhin.
Oír do rinne seisean air ar soinne, peacadh don tí ag nách raibh fios peacaigh; ionnus go ndéuntaói fíréuntachd Dé dhínne annsan.
¶ Fós mar an ccéadna, do bhrígh go cciontuighionn sé le fíon, is duine úaibhreach é, ní mó fhanas sé annsa bhaile, noch fhoirleathnuighios a mhían mar itrionn, agus go bhfuil mar an mbás, agus nach fhéidir a shásadh, acht go cruinnighionn sé chuige gach uile chineadh, agus go ccárnann sé a nuile phobal chuige:
A nallus haighthe íosas tú arán, no go bhfilligh tú chum na talmhan; óir is aisde do beanadh thú; óir as luaithreadh thú, agus chum luáithridh fhillfíos tú.
Féuch, is liomsa a nuile anam; mar anam a nathair, marsin is liom anam an mhic: éugfuidh an tanam, pheacochus.
Ná mealltar sibh; ní ghabhann Día sgige chuige: oír gidh bé ní shiolchuireas neach, a sé an ní céudna bheanfas sé. Oír an tí shiolchuireas don choluinn buainfigh sé truailligheachd don choluinn; achd an tí shiolchuireas don Sbioruid buáinfidh se an bheatha mharthanach don Sbioruid.
Ar a nadhbharsan do bhéara misi breath oruibh, a thigh Israel, gach uile dhuine do réir a shlightheach, a deir an Tighearna DIA. Déanuidh aithrigh, agus fillidh sibh féin ó bhur cciontuibh uile; marsin nach biáidh eicceart na scrios aguibh. ¶ Teilgidh seachad uáibh bhur nuile choirthe, ler chiontuigheábhair; agus déanuidh dhíbh féin croidhe núadh agus spiorad núadh: óir cred as a néugfuidhe, a thighe Israel? Oír ní bhfuil sólás ar bith dhamhsa a mbás an tí éugus, a deir an Tighearna DIA: ar a nadhbharsin iompoighidh sibh féin, agus mairidh.
Agus amhuil atá a ndán do dhaóinibh bás dfagháil áonuáir amháin, agus na dhiáigh sin an breitheamhnus:
Atá slighe ann do chithear díreach do dhuine, acht isé a chríoch sin slightheacha an bháis.
Dá bhfaicidh éinneach a dhearbhráthair ag peacughadh a bpeacadh nach bhfuil chum báis, íarraidh sé, agus do bhéura sé beatha don tí nach déun peacadh chum báis. Ata peacadh ann chum báis: ní air a shon sin a deirim leis guídhe. As peacadh gach uile eugcóir: gidheadh atá peacadh ann nach bhfuil chum báis.
Féuch, is an eigceart do chumadh mé; agus a gcionntuibh do ghabh mo mhathair a mbroinn mé.
Amhail chéimnighios fíréantacht chum beatha: mairsin an té leanas an tolc leanuigh sé chum a bháis féin.
Imthighidh a sdeach sa dorús chumhann: óir is farsing an dorus, agus is leathan an tslighe, thréoraigheas do chum damanta, agus is mór théid a sdeach thríthe:
Tuilleadh eile, is follas oibreachda na colla, mar atá; Adhaltrannas, sdríopthachas, neamhghloine, macnas, Féuch, a deirimse Pól ribh, dá dtimchillghearrthar sibh, nách bhfuighe sibh tairbhe ar bith a Gcríosd. Iodhaladhradh, piseóga, námhadas imreasuin, comórtus, míosguis, consbóid, ceannarruic, eireceachd, Tnúth, dúnmharbhadh, meisge, cráos, agus a samhail sin: ar a labhruim ribh roimh láimh, amhuil do innis mé dháoibh roimhe, nach bhfuighe an drung do ní a samhail so óighreachda rioghachda Dé.
Acht scriosfuighthear luchd an tsáruighthe á néinfheachd: agus gearrfar amach deireadh an drochdhuine.
Agus dó bheódhuigh sé sibhse, ar mbeith díbh marbh a gcionntuibh agus a bpeacuighibh; Oír as sinne a obairsion, air a gcrúthughadh a Níosa Críosd chum déaghoibrigheadh, noch do ullmhuigh Día roimh láimh, chum sinne do shiubhal ionnta. Uime sin bíodh ar coimhne aguibh, ar mbeith dhaóibh a nallód bhur Gcineadhachuibh sa bhfeóil, da ngoirthí an Neamhthimchillghearradh ris an druing da ngoirthear an Timchillghearradh do níthear lé lamhuibh sa bhfeóil; Go rabhabhair sa naimsirsin a néughmhais Chríosd, ar mbeith dháoibh gan buáin aguibh ré maitheas puiblidhe Israél, agus bhur gcoimhightheachuibh do chonnarthuibh na geallamhna, ar mbeith díbh gan muinighin, agus gan Día ar bith aguibh san tsáoghal: Achd a nois a Níosa Críosd atá sibhse bhi ar uáiribh neamhchómhgaracg ar bhur ndéunamh comhgarach tré fhuil Chríosd. Oír as eision ar síothcháinne, noch do rinne áon dinn aráon, agus do bhris síos balla méadhónach na teóruinne; Ar gcur a naimhdeanuis ar gcúl dó tré na fheóil, éadhon reachd na naitheantadh maille ris na hórduighthibh; ionnus go ndéanadh sé áonduine amháin núadh do dhías ann féin, ag déunamh siothchána; Agus go ndéanadh réidh ar áon íad ré Día náonchorp tres an gcroich, lér chuir sé an naimhdeanas ar gcúl: Agus ar dteachd dhó do shoisgéil sé siothcháin dibhse nách raibh na chomhgar, agus don druing do bhí na chomhgar. Oír is trídsion atá ar slighe ar áon ré dul steach chum a Nathar a náoin Spioruid. Uime sin ní bhfuiltí ní sa mhó bhur gcoimhightheachuibh ná bhur gcoigcríochuibh, achd bhur luchd áonchaithreach do na náomhuibh, agus bhur luch tighe Dé; Ann a rabhabhair a nallód ag siubhal do réir nóis an tsáoghailse, do réir an phrionnsa agá bhfuil cúmhachda a naiéir, agus na sbiorúide óibrigheas a nois a gcloinn na heasúmhlachda: Ar mbeith díbh áitighthe ar fhonndameint na nabsdal agus na bhfáigheadh, ar mbeith Díosa Críosd féin na chloich chinn ag an ccuáinne; As a bhfásann an teaguis uile súas ar mbeith dhó go ceart ceanguilte dha chéile annsan chum bheith na theampoll náomhtha sá Dtighearna: Ann a bhfuil sibhse mar an gcéudna ar bhur gcomthógbháil súas ionnus go mbíadh sibh bhur dteaghuís chomhnuidhe ag Día trés an Spioruid. Agá rabhamairne uile mar an gcéudna nar gcoinbhearsaid a nallód a nainmhíanuibh na colla, ag tabhairt a tóla féin don choluinn agus do na smuáintighibh; agus do bhámar ó nadúir ar gcloinn na féirge, éadhon mar chách.
Géabhuid a éaigcearta féin an ciontach, agus coinneochthar é lé córduibh a pheacaidh. Do gheabha sé bás a néagmhais teagaisg; agus a nainmhéid a amadánachta rachaidh sé a mugha.
An tí diomchair ar bpeacuighne ann a chorp féin air an gcrann, ionnus air mbeith dhúinne marbh do na peacuighibh, go mairfemís do nfíréuntachd: an tí agár leigheasadh sibhse ré na chréuchduibh.
Achd do gheabhuid na daóine meata, agus díchreidmheacha, agus gráineamhla, agus luchd dúnmharbhtha, agus adhaltrannuis, agus na bpiséog, agus a niodhaladhruigh, agus a nuile bhréugaire, a gcuid sa loch atá ar dearglasadh do theine agus do ruibh: noch is dara bás ann.
A slighe na fíréantachta atá an beatha; agus ní bhfuil bás ar bith ann a easánaibh.
Acht do rinne bhur cciontasa dealughadh idir sibhsi agus bhur Ndía, agus dfoluigheadar bhur bpeacuidhe a aghaidh uáibh, go nach ccluinfidh sé.
Noch ghéubhus pionús an damnnuighthe shíorruidhe ó aghuidh an Tíghearna, agus ó ghlóir a chúmhachd;
Imthighidh a sdeach sa dorús chumhann: óir is farsing an dorus, agus is leathan an tslighe, thréoraigheas do chum damanta, agus is mór théid a sdeach thríthe: Do bhrígh gur cumhann an doras, agus is caól an tslighe thréoraigheas chum na beatha, agus is beag do gheibh eólus uirrthe.
Uime sin claóidhigh bhur mbuill thalmhuidhe, sdríopachas, neamhghloine, fonn colluidhe, ainmhían, agus saint, noch as iodhaládhradh:
Noch a bhéuras dá gach éinneach do réir a ghníomhartha: Eadhon don druing iarrus tré fhoighid na deaghoibre glóir agus onóir agus neamhthruáilleadh, an bheatha mharrthanach: Achd don dreim ata ceannairrceach, agus nach umhluígheann don fhírinne, achd chreideas do néagcóruigh, dó bhéurthar diombugh agus fearg.