Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 24:46 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

46 Is aoibhinn do’n tseirbhíseach úd, ar theacht d’á thighearna, go bhfaighidh sé é g‐á dhéanamh sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

46 Is beann­aithe an seirbhíseach a bhfaighidh a mháistir é ag déanamh amhlaidh nuair a thiocfas sé.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

46 Is méanar do’n tseirbhíseach sin, nuair a thiocfas a thighearna, má gheibh sé é ghá dhéanamh sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

46 Is beannuighthe an tóglach úd, á bhfuighe a thighearna ag teachd, é dhá dhéanamh mar sin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

46 Is aoibhinn do’n tseirbhíseach san, nuair a thiocfaidh a thighearna, má gheibheann sé é ag déanamh na h-oibre sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

46 Is méanar don seirbhíseach sin a bhfaighidh a mháistir é ag déanamh amhlaidh ar theacht dó.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

46 Is méanar don seirbhíseach sin a bhfaighidh a mháistir é ag déanamh amhlaidh ar theacht dó.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 24:46
10 Tagairtí Cros  

Cia h‐é, mar sin, an seirbhíseach cóir, céillidhe, do chuir a thighearna i gceannas muinntire a thighe chum a mbiadh do thabhairt dóibh i dtráth?


Go fírinneach adeirim libh, go gcuirfidh sé os cionn a bhfuil aige é.


Annsin adéarfaidh an Rí leo‐san bhéas ar a láimh dheis, Tigidh, a dhaoine beannuighthe lem’ Athair, sealbhuighidh an ríoghacht atá ullmhuighthe ’n‐bhúr gcómhair ó bhunú an domhain:


Is aoibhinn do na seirbhíseachaibh sin go bhfaighidh a dtighearna iad ag áirdeall nuair thiocfas sé: go fírinneach adeirim libh go gcuirfidh sé a chrios air féin, agus go gcuirfidh sé ’n‐a suidhe chum bidh iad, agus go dtiocfaidh sé ag déanamh freastail ortha.


Is aoibhinn do’n tseirbhíseach úd go bhfaighidh a thighearna g‐á dhéanamh nuair thiocfas sé.


(Féach, atáim ag teacht ar nós gadaidhe. Is aoibhinn do’n té do‐ghní faire, agus choimheádas a chuid éadaighe, ar eagla go siubhalfadh sé lomnocht, agus go bhfeicfidhe a náire).


Is eol dom t’oibreacha, agus do ghrádh, agus do chreideamh, agus do sheirbhís, agus t’fhoighid, agus gur mó t’oibreacha deiridh ’ná do chéad oibreacha.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí