Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 24:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Agus ’n‐a shuidhe dhó ar chnoc na nOla‐chrann, tháinig na deisceabail chuige ar leithridh, g‐á rádh. Innis dúinn, cá fhaide go dtiocfaidh na neithe sin chum críche? agus cad é cómhartha do theachta, agus deiridh an tsaoghail?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Tháinig a dheisceabail chuige os íseal, agus é ina shuí ar Chnoc na nOlóg, á rá, “Inis dúinn, cá huair a tharlóidh seo, agus cad é comhartha do theachtsa a chuirfeas críoch ar an aois?”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

3 Agus ina shuidhe dó ar Shliabh na n-Ológ, tháinic a dheisciobail chuige go rúnda, agus dubhairt: Innis dúinn cá h-uair a bhéas na neithe seo ann? Agus cad é bhéas mar chómhartha ar do theacht-sa agus ar dheireadh an tsaoghail?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus ar suighe dhó ar shlíabh na noluidheadh, do chúadar a dheisciobuil chuige go priobháideach, ag rádh, Innis dúinne, gá húair thiocfuid na neithesí chum criche, agus créd é comhartha do theachdasa, agus dheiridh an tsáoghail?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Agus do shuid sé ar chnoc Olibhet, agus tháinig a dheisgiobuil chuige a gan fhios, agus dubhradar: Innis dúinn cathain a thuitfid na neithe seo amach, agus cad a bheidh mar chómhartha ar do theacht-sa, agus ar dheire an tsaoghail.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Agus ina shuí dó ar Chnoc na nOlóg, tháinig na deisceabail chuige ar leithligh agus dúirt siad: “Inis dúinn cén uair a thitfidh an méid sin amach agus cén comhartha a bheidh ann ar do théarnamhsa agus ar dheireadh an tsaoil.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

3 Agus ina shuí dó ar Chnoc na nOlóg, tháinig na deisceabail chuige ar leithligh agus dúirt siad: “Inis dúinn cén uair a thitfidh an méid sin amach agus cén comhartha a bheidh ann ar do théarnamhsa agus ar dheireadh an tsaoil.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 24:3
23 Tagairtí Cros  

Annsin d’fhág sé na sluaighte, agus do chuaidh sé isteach sa tigh: agus tháinig a dheisceabail chuige, g‐á rádh, Mínigh dhúinn samhlaoid an chogail sa ngort.


Mar sin bhéas i ndeireadh an tsaoghail: tiocfaidh na h‐aingil amach, agus deaghlóchaid na droch‐dhaoine as lár na bhfíréan,


Annsin tháinig na deisceabail, agus adubhradar leis, An eol duit gur ghlac na Fairisínigh scannal, nuair do‐chualadar na briathra sin?


Óir tiocfaidh Mac an Duine i nglóir a Athar mar aon le n‐a ainglibh; agus annsin chúiteochaidh sé gach aoinneach de réir a ghníomhartha.


Go fírinneach adeirim libh, Atá cuid díobh‐san atá n‐a seasamh annso, nach mblaisfidh bás nó go bhfeicid Mac an Duine ag teacht ’n‐a ríoghacht.


Annsin tháinig na deisceabail chum Íosa ar leithligh, agus adubhradar, Cad chuige nár fhéadamair‐ne a chaitheamh amach?


Agus nuair do bhíodar ag druidim le h‐Iarúsalem, agus thángadar go Bétfagé, go cnoc na nOla‐chrann, do chuir Íosa uaidh beirt deisceabal, g‐á rádh leo,


Óir, ar nós na teinntrighe thig ó’n domhan thoir, agus do‐chítear chómh fada leis an domhan thiar; mar sin bhéas teacht Mhic an Duine.


agus annsin do‐chífear cómhartha Mhic an Duine sa spéir: agus annsin caoidhfidh cinidheacha an domhain, agus do‐chífid Mac an Duine ag teacht ar scamallaibh neimhe le cumhacht agus le sárghlóir.


Agus fá mar bhí i laethibh Naoi, mar sin bhéas teacht Mhic an Duine.


agus níor mheabhruigheadar éinnidh nó go dtáinig an díle agus gur scuab sí iad go léir léi; mar sin bhéas teacht Mhic an Duine.


Acht bíodh a fhios so agaibh, dá mbéadh a fhios ag fear an tighe cé’n uair ’n‐a dtiocfadh an gadaidhe, do bhéadh sé ag faire agus ní cheadóchadh sé go mbrisfidhe isteach ’n‐a thigh.


g‐á theagasc dóibh gach ar órduigheas daoibh do chóimhlíonadh, agus féach, atáim‐se ’n‐bhúr bhfochair i gcómhnaidhe, go deireadh an tsaoghail.


Agus d’fhiafruigheadar de, g‐á rádh, A Mháighistir, cá fhaide go dtiocfaidh na neithe sin? agus cad é an cómhartha bhéas ann go bhfuil na neithe sin ag teacht chum críche?


Acht adubhairt seisean leo, Ní cuibhe dhaoibh‐se fios d’fhágháil ar na h‐aimsiribh ná ar na tráthaibh do choimhéad an t‐Athair ’n‐a chumhacht féin.


san gcás sin dob’ éigean dó fulang go minic ó cuireadh an domhan ar suidheachan: acht anois, an t‐aon uair amháin, i ndeireadh na n‐aois do foillsigheadh é chum deireadh do chur leis an bpeacadh, g‐á íodhbairt féin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí