Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 20:30 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

30 Agus féach, beirt dall do bhí ’n‐a suidhe le cois an bhealaigh, nuair do‐chualadar gurbh é Íosa do bhí ag gabháil thart, do liúghadar, g‐á rádh, A Thighearna, a mhic Dháibhi, déan trócaire orainn.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

30 Agus bʼshiúd beirt dhall a bhí ina suí ar thaobh an bhóthair, nuair a chuala siad go raibh Íosa ag dul tharstu, a ghlaoigh amach in ard a gcinn, “Déan trócaire orainn, a Mhic Dháibhí!”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

30 Agus féach, dhá dhall a bhí ina suidhe ar thaoibh an bhóthair, nuair a chuala siad go raibh Íosa ag dul thart, scairt siad amach, ag rádh: A Thighearna, a Mhic Dháibhidh, déan trócaire orainn.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

30 Agus, féuch, días do dháoinibh dalla do bhí na suidhe chois na slighe, an tráth do chúaladar go ráibh Iósa ag gabhail thársa, do éighmheadar, ag radh, Déana trócaire oruinu, a Thighearna, a Mhic Dhábhí.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

30 Agus féach, bhí beirt dall ’n-a suidhe i n-aice an bhóthair, agus d’airigheadar gur bh’é Íosa a bhí ag gabháil ann, agus do liúghadar: A Thighearna, ar siad; déin trócaire orainn, a Mhic Dáibhid.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

30 agus bhí an bheirt dall seo ina suí le hais an bhóthair. Nuair a chuala siad go raibh Íosa ag dul thar bráid, scread siad amach: “A Thiarna, déan trócaire orainn, a Mhac Dháiví!”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

30 agus bhí an bheirt dhall seo ina suí le hais an bhóthair. Nuair a chuala siad go raibh Íosa ag dul thar bráid, scread siad amach: “A Thiarna, déan trócaire orainn, a Mhic Dháiví!”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 20:30
21 Tagairtí Cros  

agus ag cur an tsíl dó, thuit cuid de le h‐ais an bhealaigh mhóir, agus tháinig na h‐éanlaithe agus d’itheadar é: agus do thuit cuid eile dhe ar thalamh clochach,


Agus féach, tháinig bean Chanáníteach amach as na críochaic sin, agus do liúigh sí, g‐á rádh, Déan thrócaire orm‐sa, a Thighearna, a Mhic Dháibhi; atá m’inghean d’á ciapadh go millteach ag deamhan.


Agus do bhagair an sluagh ortha bheith ’n‐a dtost: acht do b’aoirde do ghlaodhadar amach, A Thighearna, a mhic Dháibhi, déan trócairé orainn.


Agus tháinig na daill agus na bacaigh chuige sa teampall: agus do leigheas sé iad.


Agus na sluaighte do bhí ar tosach roimhe, agus siad‐san do lean ’n‐a dhiaidh, do tógadar gáir, g‐á rádh, Hósanná do mhac Dháibhi; Is beannuighthe an té atá ag teacht i n‐ainm an Tighearna; Hósanná ins na h‐áiteannaibh is aoirde!


Cad é bhúr dtuairim de’n Chríost? cia dar ab mac é?


Agus thángadar go h‐Ierichó: agus ag imtheacht dó‐san agus d’á dheisceablaibh as Ierichó, agus sluagh mór daoine i n‐éinfheacht leo, do bhí Bartiméus dall, mac Thiméuis, ’n‐a shuidhe le cois an bhealaigh agus é ag iarraidh déirce.


Ata Spiorad an Tighearna orm, De bhrigh gur ong sé mé chum déigh‐scéala do chraobhscaoileadh do na bochtaibh: Do chuir sé uaidh mé chum fuascailt d’fhógairt do na braighdeánaibh, Agus radharc do na dallaibh, Chum saoirse do thabhairt dóibh‐sean atá brúighte,


Agus an uair chéadna sin do leigheas sé mórán daoine ó ghalaraibh, agus ó aicídibh, agus ó dhroch‐spioraidibh; agus thug sé radharc do mhórán dall,


Ó ba fáidh é, agus ó bhí a fhios aige gur dhearbhuigh Dia fá bhrigh na mionn, go gcuirfeadh sé duine d’á shliocht ’n‐a shuidhe ’n‐a ríogh‐chathaoir;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí