Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 20:20 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

20 Annsin tháinig chuige máthair clainne Sebedé i n‐éinfheacht le n‐a clann mhac, ag umhlú dhó, agus ag iarraidh fabhair air.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

20 Ba ansin a tháinig máthair chlann Shebidé chuige, í féin agus a dís mhac, agus chuaigh sí ar a glúine roimhe, agus dʼiarr ní air.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

20 Annsin tháinic chuige máthair chlann Sebede le n-a cuid mac, ag sléachtadh dó, agus ag iarraidh ruda éigin air.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

20 Thainic máthair chlionne Shebedei chuige an tráthsin, maille ré na maca, dá onórughadh, agus ag iárruidh neither áirighe air.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

20 Ansan tháinig chuige máthair clainne Sebedé i n-aonfheacht le n-a macaibh, agus do shléacht sí dhó, ag lorg ruda éigin air.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

20 Ansin tháinig máthair chlann Zeibidé chuige agus a mic in éineacht léi agus dʼumhlaigh sí síos ag iarraidh aisce air.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 20:20
10 Tagairtí Cros  

Agus is iad so ainmneacha an dáréag abstal: An chéad duine, Síomón, ar a dtugtar Peadar, agus Aindrias a dhearbhráthair; Séamas mac Shebedé, agus Eoin a dhearbhráthair;


Agus na daoine do bhí sa mbád, d’adhradar é, g‐á rádh, Go fírinneach is tusa Mac Dé.


Acht tháinig sise, agus do shléacht sí dhó, g‐á rádh, A Thighearna, fóir orm!


Agus do chuadar isteach sa tigh, agus fuaradar an leanbh i bhfochair a mhátar Muire, agus do shléachtadar dó, agus d’adhradar é, agus ag foscailt a dtaisce dhóibh, thugadar bronntanais dó: ór, agus túis, agus mirr.


ortha‐san do bhí Máire Mhagdaléné, agus Máire máthair Shéamais agus Iósés, agus máthair clainne Sebedé.


Agus nuair do‐chonnacadar é, d’adhradar é: acht do bhí amhras ar chuid aca.


Agus ag imtheacht as sin dó, do chonnaic sé beirt eile dearbhráthar, Séamas mac Shebedé, agus Eoin a dhearbhráthair, agus iad i mbád i bhfochair a n‐athar, Sebedé, ag cóiriú a líonta; agus do ghlaodh sé chuige iad.


Agus féach, tháinig lobhar chuige, agus do shléacht sé dhó, g‐á rádh, A Thighearna, má’s áil leat é, is féidir leat mise do ghlanadh.


Agus do bhí mná ann i bhfad uaidh, agus iad ag féachain air: ortha‐san do bhí Máire Mhagdaléné, agus Máire máthair Shéamais bhig agus Iósés, agus Salómé;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí