Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 18:24 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

24 Agus nuair do thosnuigh sé ar an gcunntas do dhéanamh, tugadh chuige duine go raibh deich míle talann aige air.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

24 Nuair a thosaigh sé ar an gcuntasaíocht, tugadh fear chuige a raibh fiacha deich míle talann air.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

24 Agus nuair a thoisigh sé a dhéanamh an chunntais, tugadh duine chuige a raibh deich míle talann aige air.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

24 Agus an tráth dó thíonnsgain sé cúntas do dhéanamh, tugadh chuige neach, dár dhligh sé deich mile talann.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

24 Agus nuair a thosnuigh sé ar an gcúntas do shocarú do tugadh chuige duine go raibh deich míle talant aige air.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

24 Agus i dtosach an réitigh dó, tugadh chuige duine a raibh deich míle tallann amuigh air.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

24 Agus i dtosach an réitigh dó, tugadh chuige duine a raibh deich míle tallann amuigh air.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 18:24
17 Tagairtí Cros  

D’á bhrigh sin, is cosmhail ríoghacht na bhflaitheas le righ áirithe gur mhian leis cunntas do dhéanamh le n‐a sheirbhíseachaibh.


Acht, de chionn nach raibh an oiread aige agus d’íocfadh na fiacha, d’órduigh a thighearna go ndíolfaidhe é féin, agus a bhean, agus a chlann, agus a raibh aige, mar dhíol fiach.


Agus thug sé cúig tallanna do dhuine aca, agus dhá thalainn do dhuine eile, talann amháin do dhuine eile; do gach duine de réir a ghustail; agus d’imthigh sé ar a aistear.


Agus an té fuair na cúig tallanna, d’imthigh sé ar ball agus do‐rinne sé ceannaidheacht leo, agus do ghnóthuigh sé cúig tallanna eile.


Agus an té fuair na cúig tallanna, tháinig sé agus thug sé cúig tallanna sa mbreis leis, agus adubhairt, A thighearna, thugais cúig tallanna dhom: féach, atá cúig tallanna eile gnóthuighthe agam.


Agus an té fuair an dá thallainn, tháinig sé agus adubhairt A thighearna, thugais dhá thallainn dom: féach atá dhá thallainn eile gnóthuighthe agam.


Agus an té fuair talann amháin, tháinig sé agus adubhairt, A thighearna, do bhí a fhios agam gur duine cruaidh thú, ag baint i n‐áit nár chuiris riol,


Nó an t‐ochtar déag úd gur thuit an túr i Silóam ortha, agus gur mharbh sé iad, an measann sibh gur mhó ba chionntach iad‐san thar a bhfuil de dhaoinibh i nIarúsalem?


Agus ag glaodhach gach duine chuige go raibh fiacha ag a thighearna ortha, adubhairt sé leis an gcéad duine, Cá mhéid atá ag mo thighearna ort?


Adubhairt sé annsin le duine eile, Agus cá mhéid atá ort‐sa? Agus adubhairt seisean, Céad ceathramhadh cruithneachtan. Adubhairt sé leis, Glac do bhille, agus scríobh ceithre fichid ceathramhadh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí