Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 15:24 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

24 Acht d’fhreagair seisean, agus adubhairt, Níor cuireadh mise acht amháin chum na gcaorach fáin de theaghlach Israel.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

24 Ba é a fhreagra, “Níor cuireadh mise ach amháin chuig caoirigh sheachráin de theaghlach Iosrael.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

24 Acht d’fhreagair seisean, agus dubhairt: Níor cuireadh mise acht amháin chuig caoirigh; seachráin thighe Israéil.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

24 Agus ar bhfreagra dhósan, a dubhairt sé, Niór cureadh misi achd do chum cáorach thighe Israel do chúaidh ar seachrán.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

24 Ansan dubhairt sé léi: Níor cuireadh mé ach chun na gcaorach a cailleadh ó teaghlach Israéil.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

24 Dʼfhreagair agus dúirt: “Níor cuireadh mé ach amháin go dtí caoirigh caillte theaghlach Iosrael.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

24 D'fhreagair agus dúirt: “Níor cuireadh mé ach amháin go dtí caoirigh caillte theaghlach Iosrael.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 15:24
13 Tagairtí Cros  

Acht ní thug seisean aon fhreagra uirthi. Agus tháinig a dheisceabail, agus d’iarradar air, Cuir chum siubhail í siúd; óir atá sí ag síor‐ghlaodhach ’n‐ár ndiaidh.


Acht nuair do chonnaic sé na sluaighte, do ghabh truagh an‐mhór dóibh é, toisc go rabhadar traochta, scaipthe amhail caoirigh gan aodhaire.


Agus do labhair Pól agus Barnabas go dána, agus adubhradar, Is libh‐se ba dhual dhúinn briathar Dé do labhairt ar dtús. Acht ó’s ag diúltadh dhó atá sibh, agus nach fiú libh, de réir bhúr mbreithe féin, an bheatha shíorraidhe d’fhágháil, féach, atáimíd ag iompodh chum na nGeinte.


Óir adeirim go raibh Íosa Críost ’n‐a sheirbhíseach ag lucht an timcheall‐ghearrtha, chum fírinne Dé do chruthú, chum go ndaingneochadh sé na geallamhnacha tugadh do na sinnsearaibh,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí