Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 15:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Cad chuige a sáruigheann do dheisceabail‐se gnáith‐chleachta na seanóir? óir ní nigheann siad a lámha nuair bhíos siad ag caitheamh bidh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 “Cad chuige a mbíonn do dheisceabail ag sárú nósanna na seanóirí? Mar ní níonn siad a lámha nuair a chaitheann siad bia.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

2 Cad chuige a mbriseann do dheisciobail seanghnás na sinnsear? Óir ní nigheann siad a lámha, ag ithe aráin dóibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Créd fá a sáruighid do dheisciobailsi gnáthughadh na sinnsear? Oír ní ionnluid síad a lámha a núair ithid arán.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Cad chuige go mbrisid do dheisgiobhuil-se nósa na sean? Óir ní níghid siad a lámha nuair a chaithid siad bia.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 “Cén fáth a sáraíonn do dheisceabail traidisiún na sinsear? Ní dhéanann siad a lámha a ní nuair a bhíonn siad ag caitheamh a gcoda.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

2 “Cén fáth a sáraíonn do dheisceabail traidisiún na sinsear? Ní dhéanann siad a lámha a ní nuair a bhíonn siad ag caitheamh a gcoda.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 15:2
10 Tagairtí Cros  

Agus d’fhreagair seisean agus adubhairt sé leo, Cad chuige a sáruigheann sibh‐se aithne Dé ar son bhúr sean‐ghnás?


agus thugadar fá deara cuid d’á dheisceablaibh ag ithe aráin agus a lámha truaillighthe, is é sin, gan ionnladh.


Agus d’fhiafruigh na Fairisínigh agus na scríobhaidhthe dhé, Cad chuige nach ngéilleann do dheisceabail‐se do shean‐ghnásaibh na seanóir, acht go n‐ithid arán le lámhaibh truaillighthe?


Agus ba mhór ba iongnadh leis an bhFairisíneach, agus é ag féachain air, nár nigh sé é féin roimh an mbéile.


agus gur mhó do chuadhas ar aghaidh i gcreideamh na nIúdach ’ná a lán daoine dem’ chómhaois féin i measc muinntire mo chinidh, agus mé i bhfad ní ba dhúthrachtaighe i dtaobh gnáth‐nósann mo shinnsir.


Seachnaidh an meallfadh aoinneach le n‐a fheallsamhnacht agus le n‐a bhaoth‐theagasc sibh, do réir béaloidis daoine, do réir dúla an domhain, agus ní do réir Chríost:


agus a fhios agaibh nach le neithibh so‐thruaillighthe, le h‐airgead nó le h‐ór, do fuascladh sibh ó na baoith‐chleachtaibh saoghalta tháinig i n‐oidhreacht ó n’ bhur sinnsearaibh chugaibh;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí