Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 21:37 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

37 Agus do bhíodh sé ag teagasc gach lá sa teampall; agus d’imthigheadh sé amach gach oidhche agus d’fhanadh sé ar an gcnoc d’á ngoirthear cnoc na nOla‐chrann.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

37 Agus bhíodh sé gach uile lá ag teagasc sa teampall, ach dʼimíodh sé a chaitheamh na n‑oícheanta ar an sliabh sin a dtugtar Cnoc na nOlóg air.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

37 Agus bhíodh sé ag teagasc san teampall ar feadh an lae, acht théigheadh sé amach agus bheireadh sé an oidhche ar an tsliabh, dá ngoirtear Olibhet.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

37 Agus do bhíodh sé teagasg sa ló ann sa teampeall; achd ann san noidhche ar nimtheachd dó amach, do chomhnuigheadh sé ar a tslíabh dá ngoirthear slíabh na Noluidheadh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

37 Agus bhíodh sé ag teagasg sa teampul gach lá; agus d’imthigheadh sé amach agus thugadh sé an oidhche ar an sliabh ar a dtugtar Olibhet.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

37 Bhíodh sé ag teagasc ar feadh an lae sa Teampall, ach san oíche théadh sé amach agus thugadh an oíche ar an gcnoc ar a dtugtar ‘Cnoc na nOlóg’.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 21:37
15 Tagairtí Cros  

Agus nuair do bhíodar ag druidim le h‐Iarúsalem, agus thángadar go Bétfagé, go cnoc na nOla‐chrann, do chuir Íosa uaidh beirt deisceabal, g‐á rádh leo,


Agus d’fhág sé iad, agus do chuaidh sé amach as an gcathair go Bétánia, agus do chuir sé faoi annsin.


Agus tar a éis dóibh iomann do chanadh, do chuadar amach go Cnoc na nOla‐chrann.


Adubhairt Íosa an uair sin leis an sluagh, An le claidhmhtibh agus le bataibh thángabhar amach chum beirthe orm mar bhéadh bitheamhnach ann? Do bhíos im’ shuidhe sa teampall gach lá ag teagasc, agus ní rugabhar orm.


Agus an lá ’n‐a dhiaidh sin, nuair tháinig siad amach as Bétánia, do bhí ocras air.


Agus nuair tháinig an tráthnóna, d’imthigh sé amach as an gcathair.


Do bhíos gach lá ’n‐bhúr measc ag teagasc sa teampall, agus ní rugabhar orm: acht do‐ghnítear é seo chum na scrioptúirí do chóimhlíonadh.


Agus tharla, ag tarraing i ngar do Bhétfagé agus do Bhétánia dhó, láimh leis an gcnoc ar a dtugtar cnoc na nOla‐chrann, gur chuir sé beirt d’á dheisceablaibh uaidh,


Agus nuair do bhí sé ag druidim le fána cnuic na nOla‐chrann, do thosnuigh na deisceabail go léir ar gháirdeachas do dhéanamh agus ar Dhia do mholadh de ghuth árd ar son na ngníomh n‐éachtach do chonnacadar;


Agus do bhí sé ag teagasc gach lá sa teampall. Acht do bhí uachtaráin na sagart, agus na scríobhaidhthe, agus cinnirí an phobail ag iarraidh faille le n‐a mhilleadh:


Agus tháinig sé amach, agus do chuaidh sé, mar ba ghnáth leis, go cnoc na nOla‐chrann; agus do lean na deisceabail ’n‐a dhiaidh.


Agus sé lá roimh an gcáisc, tháinig Íosa go Bétánia, mar a raibh Lasarus, do bhí tógtha ag Íosa ó’n mbás.


Agus do bhí fios na h‐áite sin ag Iúdás, do bhí g‐á bhrath: óir ba mhinic do théigheadh Íosa agus a dheisceabail ann.


Annsin d’fhilleadar ar ais go h‐Iarúsalem ó’n gcnoc ar a dtugtar Ola‐chrannda, atá i ngiorracht aistir lae sabóide d’Iarúsalem.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí