Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 14:26 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

26 Má atá aon duine ag teacht chugam‐sa, agus gan fuath aige d’á athair, agus d’á mháthair, agus d’á mhnaoi, agus d’á chlainn, agus d’á dhearbhráithribh, agus d’á dheirbhsheathrachaibh, agus fós d’á anam féin, ní féidir dhó bheith ’n‐a dheisceabal agam.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

26 “Má thagann duine chugam gan fuath a bheith aige ar a athair féin agus ar a mháthair agus ar a bhean agus ar a chlann agus ar a dheartháireacha agus ar a dheirfiúracha, is ea, agus ar a anam féin, ní fhéadann sé bheith ina dheisceabal agam.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

26 Má thig aoinneach chugam-sa, agus gan fuath aige ar a athair, agus ar a mháthair, agus ar a mhnaoi, agus ar a chloinn, agus ar a dhearbhráithre, agus ar a dheirbhsheathracha, agus fosta fiú ar a anam féin, ní féidir dó a bheith ina dheisciobal agam.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

26 Gidh bé thig chugamasa, agus nach sé a athair, agus a mhathair, agus a bhean, agus a chlann, agus a dhearbhraithreacha, agus a dheirbhsiúreacha, agus fós a anam fein, ní heidir leis bheith na dheiscipbal agamsa.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

26 Má thagann duine chúgham-sa agus gan fuath aige d’á athair agus d’á mháthair, agus d’á mhnaoi agus d’á chlainn, agus d’á dhritháracha agus d’á dhriféaracha, agus fós d’á anam féin, ní féidir dó bheith ’n-a dheisgiobul agam.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

26 “Má thagann aon duine chugam agus gan fuath a bheith aige dá athair agus dá mháthair agus dá bhean agus dá chlann agus dá dheartháireacha agus dá dheirfiúracha, agus fiú amháin dá anam féin, ní féidir dó a bheith ina dheisceabal agam.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

26 “Má thagann aon duine chugam agus gan fuath a bheith aige dá athair agus dá mháthair agus dá bhean agus dá chlann agus dá dheartháireacha agus dá dheirfiúracha, agus fiú amháin dá anam féin, ní féidir dó bheith ina dheisceabal agam.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 14:26
18 Tagairtí Cros  

An té gurb annsa leis a athair nó a mháthair ’ná mise, ní fiú liom é; agus an té gurb annsa leis a mhac nó a inghean ’ná mise ní fiu é mise.


Agus adubhairt duine eile, Do phósas bean, agus ní féidir liom teacht.


Agus do bhí sluaighte daoine ag dul i n‐éinfheacht leis: agus do chas sé, agus adubhairt sé leo,


An té gur mór aige a anam cailleann sé é; agus an té gur beag air a anam sa tsaoghal so, coimhéadfaidh sé chum na beathadh síorraidhé é.


Acht ní h‐é m’anam is cás liom, mar bhéadh cion agam air, acht go gcóimhlíonfad mo chúrsa, agus an mhiniostrálacht fuaras ó’n Tighearna Íosa soiscéal grása Dé do chraobhscaoileadh.


Mar tá scríobhtha, Thugas grádh do Iácób, acht thugas fuath d’Ésau.


Go fírinneach measaim gur cailleamhain gach uile nidh ar aon eolais shár‐luachmhair Íosa Críost mo Thighearna: gur fhulaingeas díth gach uile nidh ar a shon, agus ní fhuil de mheas agam ortha acht mar bhéadh agam ar aoileach, chum go ngnóthóchainn Críost,


Agus rugadar buaidh air tré fhuil an Uain, agus tré bhriathar a bhfiadhnaise: agus níor chuireadar suim ’na n‐anam go dtí an bás féin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí