Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 14:35 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

35 Agus nuair a dh’aithin muintir na h-áite sin é, chuireadar teachtairí tríd an ndúthaigh, agus thugadar ag triall air na daoine go léir a bhí as a sláinte;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

35 Agus nuair a dʼaithin lucht na háite cé a bhí ann, chuir siad an scéal amach ar fud an cheantair úd agus thug siad chuige a raibh breoite,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

35 Agus nuair a fuair fir na h-áite sin aithne air, chuir siad scéala amach fríd an cheanntar sin uilig, agus thug siad chuige na h-easláin go léir.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

35 Agus nuair d’aithnigh muinntear na h‐áite sin é, do chuireadar fios ar fud na dúithche sin ar fad, agus thugadar chuige gach a raibh breoite;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

35 Agus an tan do aithnidheadar luchd na háitesin é, do chuireadar fios air feadh na tíresin uile ar gach táobh dhíobh, agus tugadar gach a raibh easlán chuige;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

35 Nuair a dʼaithin muintir na háite sin é, chuir siad scéala ar fud na tíre sin go léir timpeall agus tugadh chuige iad seo go léir a bhí tinn,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

35 Nuair a d'aithin muintir na háite sin é, chuir siad scéala ar fud na tíre sin go léir timpeall agus tugadh chuige iad seo go léir a bhí tinn,

Féach an chaibidil Cóip




Matha 14:35
9 Tagairtí Cros  

Agus chuadar treasna na faraige, agus thánadar isteach i dtír Genésaret.


Agus d’iarradar air leigint dóibh baint amháin le fabhra a bhrait; agus an méid a bhain, do slánuigheadh iad.


Agus chrom daoine ar ruith tríd an dtír sin go léir agus ar dhaoine breóite bhreith leó mór-thímpal, an thochtaibh, chun na h-áite i n-a n-airighdís é bheith;


Agus d’aithin sí guth Peadair, agus le méid an áthais a bhí uirthi níos osgail sí an dorus ach do rith sí isteach agus d’innis sí go raibh Peadar ag an ndorus.


Agus d’aithníghdar é, gur bh’é an fear é a bhíodh ’n-a shuidhe ag geata áluinn an teampuil ag lorg na déarca, agus bhíodar lán d’iongna agus d’alltacht i dtaobh ar thárla dhó.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí