Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 21:25 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

25 Agus bheidh cómharthaí sa ghréin agus sa rae agus ins na réiltibh; agus brúth na ngeinte ins na tíorthaibh, tré mearbhall fothraim na mara agus na dtonn.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

25 “Agus beidh comharthaí sa ghrian agus sa ghealach agus sna réaltaí, agus corraí ar chiníocha an domhain, mearbhall cinn orthu ó fhothram na farraige agus ó thuargaint na dtonnta,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

25 Agus béidh cómharthaí san ghréin, agus san ghealaigh, agus ins na réalta, agus ar an talamh imnidhe na gcinidheach mar gheall ar chíor-thuathail thormán na mara agus na dtonn,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

25 Agus béidh cómharthaí i ngréin, agus i ré, agus i réaltanaibh; agus béidh anró ar talamh i measc na gcineadhach, agus mearbhall ortha ó fhothram na fairrge agus na dtonn;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

25 Agus béid comharthuighe ann sa ngréin, agus ann sa ngealuigh, agus ann sna réultannuibh: agus combrúghadh na gcinidheach ar an dtalamh, tré úathbhás; ag buirfigh don fhairge agus do na tonnuibh;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

25 “Agus beidh comharthaí sa ghrian agus sa ghealach agus sna réaltaí. Ar an talamh beidh duainéis ar na náisiúin, iad ar mearbhall ó ghlór agus ó mhórtas na farraige;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

25 “Agus beidh comharthaí sa ghrian agus sa ghealach agus sna réaltaí. Ar an talamh beidh duainéis ar na náisiúin, iad ar mearbhall ó ghlór agus ó mhórtas na farraige;

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 21:25
26 Tagairtí Cros  

Agus láithreach tar éis trioblóide na laethanta san doircheófar an ghrian, agus ní tabharfaidh an ghealach a solus, agus tuitfid na réalta as an spéir, agus beid cómhachta na bhflathas d’á suathadh;


Agus ó’n sémhadh h-uair tháinig doircheacht ar an ndomhan go léir go dtí an naomhadh h-uair.


Ach ins na laethibh sin, tar éis na buartha san, dorchóchaidh an ghrian agus ní thabharfaidh an ghealach a solus,


Agus ansan chífid siad Mac an Duine ag teacht ins na sgamalaibh, le mórán cómhacht’ agus glóire.


Agus nuair a tháinig an sémhadh tráth do luigh doircheacht ar an ndomhan go léir go dtí an naomhadh tráth.


Agus tuitfid siad le béal an chlaidhimh, agus béarfar i mbraighdineas iad ar fuid na ngeinte go léir, agus beidh Ierusalem treasgartha fé chosaibh na ngeinte, go dtí go gcómlíonfar tréimhseacha na ngeinte.


Daoine d’á bhfeóchadh le sgannradh, ag cuimhneamh ar cad a bheidh le teacht ar an ndomhan go léir, mar beid cómhachta na bhflathas d’á suathadh.


Agus taisbeánfad neithe iongantacha sa spéir thuas agus ar an dtalamh thíos, fuil agus teine agus gal deataigh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí