Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 21:23 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

23 Is léanmhar, ámhthach, do lucht clainne dh’iompar agus do lucht banaltranais ins na laethanta san, óir beidh guais ana-dhian ar an ndúthaigh, agus fearg chun na ndaoine seo.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

23 Is mairg a bheas ag iompar leanaí agus ag tabhairt cíche sna laethanta úd! Mar beidh angar mór ar an domhan, agus beidh Dia i bhfearg leis an gcine seo;

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

23 Acht is mairg do na mná a bhéas ag iomchar cloinne, agus dóbhtha-san a bheir diúl ins na laethe sin; óir béidh anrógh mór san tír, agus fearg leis an phobal seo.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

23 Is mairg dóibh‐sean atá torrach, agus dóibh‐sean do‐bheir cíoch, an t‐am sin! óir béidh cruadhtan an‐mhór ar an dúthaigh, agus béidh fearg chum na ndaoine seo.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

23 Agus budh trúagh do ná mnáibh bhías torrach, agus ag oileamhuinn ann sna láethibh úd! oír bíaidh riachdanas romhór ann sa dúithche, agus fearg ris an bpobalsa.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

23 Is mairg do na mná a bheidh ag iompar clainne nó ag tabhairt cíche sna laethanta sin! Go deimhin, beidh éigean mór sa tír agus díbheirg chun an phobail seo:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

23 Is mairg do na mná a bheidh ag iompar clainne nó ag tabhairt cíche sna laethanta sin! Go deimhin, beidh éigean mór sa tír agus díbheirg chun an phobail seo:

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 21:23
18 Tagairtí Cros  

Agus dubhradar leis: An airigheann tú cad ’deir siad san? Agus dubhairt Íosa leó: Airighim; an amhlaidh nár léigheabhair riamh: A’ béal leanbh agus naoidhean ar cíochaibh do bheachtuighis moladh?


Deirid siad leis: Tabharfaidh sé droch-íde ar na cuirptheachaibh sin, agus cuirfidh sé a fhíonghort chun lucht saothruighthe eile, a thabharfaidh toradh dhó i n-aimsir na dtorthaí.


Agus an t-é a thuitfidh ar an gcloich sin, brisfar é; ach an t-é go dtuitfidh sí air, meilfidh sí é.


Is mairg do lucht clainne d’iompar, ámhthach, agus do lucht oileamhna, ins na laethibh sin.


Agus is mairg do lucht clainne d’iompar agus do lucht clainne dh’oileamhaint ins na laethibh sin;


Ach na h-eascáirde seo nár bh’áil leó mise bheith am’ rí ortha, tugtar anso iad agus curtar chun báis os mo chómhair iad.


Óir tiocfaid na laethanta ionat agus cuirfid do namhaid claidhe mór-tímpal ort, agus dúnfaid siad isteach tu agus déanfaid siad cumhangarach ort ó’n uile thaobh.


Óir tiocfaid na laethanta ’n-a ndéarfar, Is aoibhinn do sna h-aimridibh, agus do sna broinníbh nár rug clann, agus do sna cíochaibh nár thál bainne.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí