Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 14:21 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

21 Agus d’fhill an seirbhíseach agus d’innis sé na neithe sin d’á mhaighistir. Ansan tháinig fearg ar fhear an tighe, agus dubhairt sé le n-a sheirbhíseach, Imthigh amach d’urachar i sráidibh agus i bpóirsíbh na catharach, agus tabhair leat anso isteach na daoine bochta agus na daoine gortuighthe agus na daill agus na bacaigh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

21 Tháinig an seirbhíseach mar sin gur inis sé an méid sin dá mháistir. Ba ansin a ghlac fear an tí fearg agus a dúirt sé lena sheirbhíseach, ‘Imigh gan mhoill faoi shráideanna agus faoi chúlbhealaí na cathrach, agus tabhair leat isteach na bochtáin agus na cithréimigh agus na daill agus na bacaigh.’

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

21 Agus ar philleadh do’n tseirbhíseach, d’innis sé na neithe sin dá thighearna. Annsin bhí fearg ar fhear an tighe, agus dubhairt sé le n-a sheirbhíseach: Gabh amach go tapaidh fá shráideacha agus fá chabhsaí na cathrach, agus tabhair isteach annseo na bochta, agus na donáin, na daill, agus na bacaigh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

21 Agus tháinig an seirbhíseach, agus d’innis sé na neithe sin d’á thighearna. Annsin tháinig fearg ar fhear an tighe, agus adubhairt sé le n‐a sheirbhíseach, Imthigh amach go mear ins na sráidibh agus i gcúlánaibh na cathrach, agus tabhair leat isteach annso na bochtáin, agus na máirtínigh, agus na daill, agus na bacaigh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

21 Agus ar dteachd don tsearbhfoghautidhe, dinnis sé na neithesi dhá thighearna. Ann sin ar ngabháil feirge dfear an tighe a dubhairt sé ré ná óglach, Imthigh go tapuidh fá shráidibh agus tabhair leachd a sdeach annsona boichd, agus na bacaigh, agus na doill.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

21 Tháinig an seirbhíseach ar ais agus dʼinis an méid sin dá mháistir. Dúirt fear an tí lena sheirbhíseach ansin, agus fearg air: ‘Amach leat gan stad faoi shráideanna agus faoi chabhsaí na cathrach, agus seol isteach anseo na boicht agus na mairtínigh agus na daill agus na bacaigh.’

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

21 Tháinig an seirbhíseach ar ais agus d'inis an méid sin dá mháistir. Dúirt fear an tí lena sheirbhíseach ansin, agus fearg air: ‘Amach leat gan stad faoi shráideanna agus faoi chabhsaí na cathrach, agus seol isteach anseo na boicht agus na mairtínigh agus na daill agus na bacaigh.’

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 14:21
38 Tagairtí Cros  

Tagaidh go léir ag triall orm-sa, gach duine go bhfuil cruadhtan agus tromualach air, agus tabharfad-sa faoiseamh oraibh.


Tá radharc ag daill; tá siúbhal ag bacaigh; glantar na lobhair; tá éisteacht ag daoine a bhí bodhar; Eirighid na mairbh; Tá an Soisgéal d’á theagasg dos na bochtaibh.


Ansan do tháinig a dheisgiobuil chuige, agus dubhradar leis. An eol duit go bhfuil sgannal glacaithe ag na Fairisínigh ó airigheadar an focal san?


Ach nuair a chonaic a chómh-seirbhísigh-sin cad a bhí déanta, tháinig buairt ana-mhór ortha, agus thánadar agus d’innseadar do’n tighearna gach nídh fé mar a thuit amach.


Dubhradar leis: Mar níor réidhtigh aoinne linn. Dubhairt sé leó: Téighidh-se, leis, isteach am’ fhíonghort-sa.


Ach nuair a dhéanfair féasda glaoidh chúghat na daoine bochta, na daoine gortuighthe, na bacaigh, na daill,


Agus dubhairt duine eile, Phósas bean, agus d’á bhrígh sin ní féidir dom teacht.


Agus dubhairt an seirbhíseach, A thighearna, do deineadh mar a dh’órduighis, agus tá slígh fós.


Deirim libh ámhthach, an mhuintir úd a fuair cuireadh, ní bhlaisfidh aon fhear acu mo bhia.


Agus go bhfógrófaí i n’ ainim, tré sna geinte go léir, ag tusnú ó Ierúsalem, aithrighe agus maitheamhnachas peacaí.


Agus tháinig na h-Aspoil thar n-ais agus d’innseadar dó gach a raibh déanta acu; agus do rug sé leis iad i leithtaoibh i n-áit uaigneach dár bh’ainim Betsaida.


Agus dubhairt Íosa: Ag tabhairt breitheamhantais a thánag-sa ar an saoghal so; i dtreó go bhfeicfeadh an mhuintir ná feiceann, agus go ndallfaí an mhuintir a chíonn.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí