Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 14:13 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

13 Ach nuair a dhéanfair féasda glaoidh chúghat na daoine bochta, na daoine gortuighthe, na bacaigh, na daill,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

13 Ach nuair a thugann tusa fleá uait, tabhair na cuirí do na bochtáin agus do na cithréimigh agus do na bacaigh agus do na daill,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

13 Acht nuair a ghní tú féasta, goir na bochta, na daoine ciothramacha, na bacaigh agus na daill.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 Acht nuair do‐bheir tusa fleadh, glaodh ar na bochtaibh, agus ar na mairtíneachaibh, agus ar na bacachaibh, agus ar na dallaibh:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Achd an tan do ní tú féasda, goir na boichd, na dáoine ciorthuimeacha, na bacaigh, agus na doill:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

13 Ach nuair a bhíonn fleá agat dá tabhairt, tabhair cuireadh do bhoicht, do mhairtínigh, do bhacaigh, do dhaill;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

13 Ach nuair a bhíonn fleá agat á tabhairt, tabhair cuireadh do bhoicht, do mhairtínigh, do bhacaigh, do dhaill;

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 14:13
34 Tagairtí Cros  

Agus tháinig sluaighte móra chuige, agus daoine balbha acu, agus daill, agus bacaigh, agus daoine leicthe, agus mórán eile; agus chaitheadar agá chosaibh iad, agus do leighis sé iad;


Agus d’imthigh na seirbhísigh amach ar na bóithribh, agus bhailigheadar isteach gach a bhfuaradar de daoine, idir olc agus maith, agus bhí an bhainis lán de dhaoine ’n-a suidhe chun bídh.


Ach cheana, d’á bhfuil agaibh tugaidh déirc uaibh, agus féach, tá gach nídh glan daoibh.


Agus dubhairt sé leis an t-é a thug an cuireadh dhó féin: Nuair a dhéanfair dínnéar nó suipéar ná glaoidh ar do cháirdibh, ná ar do bhráithre, ná ar do ghaolta, ná ar do chómharsanaibh saidhbhre, le h-eagla dtabharfaidís sin cuireadh thar a cheann duit-se, agus go dtabharfaí do chuid thar n-air duit.


Agus beidh áthas ort, mar ní bheidh ar a gcumas cúiteamh a dhéanamh leat; agus déanfar an cúiteamh leat i n-aiseirighe na bhfíoraon.


Agus d’fhill an seirbhíseach agus d’innis sé na neithe sin d’á mhaighistir. Ansan tháinig fearg ar fhear an tighe, agus dubhairt sé le n-a sheirbhíseach, Imthigh amach d’urachar i sráidibh agus i bpóirsíbh na catharach, agus tabhair leat anso isteach na daoine bochta agus na daoine gortuighthe agus na daill agus na bacaigh.


Agus d’eirigh Peadar agus tháinig sé leó. Agus nuair a tháinig sé ann do rugadar suas é go dtí an seómra mór, agus bhí na baintrneacha ’n-a seasamh ’n-a thímpal agus iad ag sile deór agus iad ag taisbeáint na gcótaí agus na mball éadaigh dó a dheineadh Dorcas dóibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí