Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 5:9 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Iosua, Ansa lóso do thiomáin mé míochlú na Hégipte úaibh. Uime sin goirthear ainm na háitesin Gilgal gus a niugh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

9 Agus dúirt an Tiarna le Iósua: “Inniu féin rinne mé aithis na hÉigipte a dhíbirt uaibh.” Uime sin tugadh Gilgeál ar an áit go dtí an lá atá inniu ann.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 5:9
21 Tagairtí Cros  

Agus a dubhradur ríu, Ní fhéadmáoidne an ní si a dhéanamh, ar nderbhshíur do thabhairt do neach nach bhfuil timchillghéarrtha; óir do budh masla dhúinn sin.


Marsin dfill an rígh, agus tháinic go Iordan. Agus tháinic Iudah go Gilgal, dimtheachd a ccoinne an rígh, da thabhairt tar Iordan.


Mar an gcéadna ó thigh Ghilghal, agus as machairighibh Gheba agus Asmabhet: óir do rinneadar an táos ceóil bailte dhóibh féin fa ccuáirt timchioll Ierusalem.


Iompoigh uáim mo scannail noch is eaguil liom: óir is maith do bhreitheamhnuis.


¶ Féuch, tiucfuid na láethe, a deir an TIGHEARNA, iona smaichteocha misi a nuile thimchillghéarrtha maille ris an neimhthimchillghéarrtha;


Agus rinneadar stríopachus annsa Négipt; do rinneadar stríopachus iona nóige: annsin do brúigheadh a gcíche, agus annsin do bhrúigheadar cíocha a maighdíonuis.


Ní mó dfág sí a stríopachus ón Négipt: óir do luigheadar lé iona haóis óig, agus do bhrúigheadar cíche a maighdionuis, agus do dhóirtiodar a stríopachus uirre.


¶ Má atá go ndéana tusa, a Israel, stríopachus, thairis sin ná ciontuigheadh Iúdah; agus ná tígidhse go Gilgal, narab mó rachtaói súas go Bet‐abhen, agus ná mionnuighidh, Mairidh an TIGHEARNA.


Tabhair amach an té do rinne an mallughadh táohh amach do nfosluingphurt; agus leagdáois an mhéid do chualaídh é a lámha ar a chíonn, agus clochadh an comhchruinniughadh uile é.


Acht ná híarruidh Bet‐el, agus ná héirghidh a steach go Gilgal, agus ná gluáisigh go Beer‐seba: óir rachfuidh Gilgal go deimhin a mbraighdionas, agus rachfuidh Bet‐el a neimhní.


O mo phobal, cuimhnighidh a nois créd do chomhairligh Balac rígh Mhóab, agus cred do fhreagair Bálaam mhac Beor dhó ó Shittim go Gilgal; chor go naitheontaóise fíréantacht an TIGHEARNA.


¶ Do chúala mé masla Mhóab, agus cáintéoireachd chloinne Ammon, lé ar mhasluigheadar mo dháoine, agus lé ar mhóruigheadar íad feín a naghaidh a tteórann.


Annois ar a nadhbharsin bíodh eagla an TIGHEARNA oruibh, agus foghnaidh dhó a ngloine agus a bhfírinne: agus cuiridh uáibh na dée dar ghéilleadar bhur naithre don taóibh oile don tuile, agus annsa Negipt; agus déanuidh serbhís don TIGHEARNA.


¶ Agus tangadar an pobal súas as Iordan an deachmhadh lá don chédmhí, agus do rinneadar foslungphort ann Gilgal, ansa nimeal shoir do Iericho.


Agus tárla, a núair do chríochnuigheadar an timchillghearradh ar an bpobal uile, gur fhanadar ar a náitibh ansa ccampa, nó go rabhadar slán.


Agus a dubhairt Ionatan ris a nóganach do iomchair a airm, Gluáis, agus deanum anonn go gárda na ndáoine nemhthimchill‐gheárrthasa: dob éidir go noibreochadh Día air ar son: óir ní bhfuil toirmheasg ar an TTIGHEARNA dídean da dhéanamh lé mórán nó lé beagán.


Agus do labhair Dáibhi ris na dáoinibh, do sheas láimh ris, ghá rádh, Cred do dhéantar ris an té mharbhus an Philistineachsa, agus thóigfeas a mhiochlú do Israel? óir cía hé an Philistineach neimhthimchillgheárrthasa, asa ngreinneochadh sé slúagh Dé bhí?


Do mharbh do shearbhfhoghantuigh an leomhan agus an mathghamhuin: agus biáidh an Philistineach neimhthimchillghéarrthasa mar áon aca, ó thug sé dúbhshlán shlóigh Dé bhí.


Agus do imthigheadh ó bhlíadhain go blíadhain ar chuáirt‐timchill go Bétel, agus Gilgal, agus Mispeh, agus do niodh sé breitheamhnus ar Israel ann gach áit dhíobh sin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí