Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 5:4 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Agus sé so an tadhbhar as ar thimchillgheár Iosua: Fúaradar an pobal uile tháinic as an Négipt, noch do bhí feardha, eadhon na fir chogaidh uile, bás san bhfásach ar a tslighe, mar thangadar amach as an Négipt.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

4 Sé cúis gur thimpeallghearr Iósua iad ná seo: na fireannaigh go léir ar an bpobal a tháinig as an Éigipt amach a bhí in aois airm a iompar, fuaireadar bás san fhásach ar an tslí dóibh tríd tar éis teacht as an Éigipt amach.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 5:4
8 Tagairtí Cros  

Do bhrígh na muinntiresi uile do chonnairc mo ghlóir, agus mo ionganta, do rinne mé sa Négipt agus annsa bhfásach, agus do chuir cathughadh orm a nois deich nuáire, agus nár éisd rem ghuth;


Achd ní raibh Dia réidh re mórán aca: óir do sgriosadh íad sa bhfásach.


Agus na laéthe iona ttangamar ó Chades‐barnea, nó go ndeachamar tar abhuinn Shered, ba hochd mbliadhna déug air fhithchid íad; nó gur leaghadar a nuile gheinealach don luchd cogaidh a measc an tslóigh, mar do mhionnuígh an TIGHEARNA dhóibh.


¶ Marsin tháinic a ccrích, a nuáir do díoghbháidheadh an luchd cogaidh uile agus do éugadar ó bheith a measc an phobail,


Agus do rinne Iosua sceana géara do féin, agus do thimchillgheárr sé clann Israel ar chnoc an rémhchroicinn.


Annois an mhéid dáoine tháinic amach do thimchillghearradh íad: achd an mhéid dáoine rugadh san bhfásach ar a tslighe mar thangadar amach as an Négipt, níor thimchillghearradar íad sin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí