Mar sin do chúadar an chlann a steach agus do shealbhuigheadar an dúithche, agus do chlaóidh tusa dhóibh áitreabhuigh na tíre, na Canaanitigh, agus thug tú iona lámhuibh íad, maille re na ríghthibh, agus re dáoinibh na tíre, go ndéindis ríu mar do thoigeóraidis féin.
Agus do rinneadar mar sin, agus tugadar na cúig ríghthe sin chuige amach as a núamhuigh, rígh Ierusalem, rígh Hebron, rígh Iarmut, rígh Lachis agus rígh Eglon.
Uimesin do chuir Adonisedec rígh Ierusalem fios go Hoham righ Hebron, agus go Píram rígh Iarmut, agus go Iophia rígh Lachis, agus go Debir rígh Eglon, gha rádh,