Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Seanfhocal 6:34 - An Bíobla Naofa 1981

34 Cuireann éad fear le fraoch feirge, agus bíonn sé gan trua gan taise lá an díoltais.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

34 Oír isé cuthach an duine an téud: ar a nadhbharsin ni choigeola se a ló an dioghaltais.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 6:34
12 Tagairtí Cros  

Nuair a chuala a mháistir na focail a labhair a bhean leis: “Mar sin a rinne do shearbhónta liom,” las sé le fearg.


Ghabh an bhean gin agus chuir sí scéala chuig Dáiví: “Tá mé ag iompar clainne.”


Ní aon chabhair an mhaoin lá na feirge, ach fuasclaíonn an fhíréantacht ón mbás.


Is dian é an cuthach agus is tréan í an fhearg, ach cé sheasódh an fód in aghaidh an fhormaid?


Ní bhíonn dá bharr aige ach buillí agus achasáin, agus tarcaisne nach rachaidh ar ceal.


Ní ghlacfaidh sé le cúiteamh, ná ní shásófar é dá mhéad a bhronnann tú air.


Cuir mar shéala ar do bhrollach mé, mar fháinne ar do láimh. Óir ní láidre an bás ná an grá, ní doichte an tÉad na Tír an Bháis. Is tine dhóite é, sárlasair.


Seo, tá mé ag gríosú na Méideach ina n‑aghaidh, gur cuma leo airgead agus gur táir leo ór.


“Píneachás, sagart, mac Eileázár mhic Árón, chuir sé mo chuthach de chlann Iosrael, óir is aige amháin a bhí dúthracht mar mo dhúthrachtsa; uime sin níor scrios mé clann Iosrael de bharr mo dhúthrachta.


agus ansin taom éada a theacht ar an gcéile agus go dtagann éad air faoina bhean a thruailligh í féin: nó arís má bhuaileann taom éada é agus go dtagann éad air faoina bhean fiú amháin agus gan í tar éis a truaillithe,


An ag griogadh an Tiarna chun éada atáimid? Nó an amhlaidh is treise sinn ná é?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí