Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Seanfhocal 5:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 Agus déanfaidh tú osna i ndeireadh do shaoil, nuair a bheidh do cholainn is d'fheoil caite;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Agus go ccaóinfeá fá dheireadh, a nuáir chaithtear thfeóil agus do chorp,

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 5:11
12 Tagairtí Cros  

Ní fhilleann aon duine a théann ina treo, ní leagann siad cos arís ar chosáin na beatha.


Agus cothófar coimhthígh ar do chuid, rachaidh do shaothar chun sochair teaghlaigh strainséartha,


Agus déarfaidh tú: “Nach agam a bhí fuath don smacht! agus an drochmheas i mo chroí agam ar gach ceartú.


nó go gcuirfí saighead ina ionathair; Nó mar a sceinnfeadh éan i súil ribe gan a fhios aige go bhfuil an bás faoina chomhair.


tairngreann na fáithe go bréagach, teagascann na sagairt ar a gcomhairle féin. Agus is maith le mo phobal é. Ach i ndeireadh na cúise, céard a dhéanfaidh sibh?


Tar éis dó é a chur d'iallach uirthi é a ól, más fíor gur thruailligh sí í féin agus gur fheall sí ar a fear, ansin beidh an t‑uisce mallachta a théann inti searbh go cinnte; atfaidh a bolg agus seargfaidh a sliasaid agus beidh sí ina hábhar gránach i measc a muintire.


Agus cad é an toradh a bhíodh agaibh an uair sin ar nithe ar náir libh anois iad? Mar is é an bás a ndeireadh siúd.


Dá mbeidís eagnaí, thuigfidís é seo, bheadh léamh acu ar an gcríoch atá i ndán dóibh.


Bíodh meas ag an uile dhuine agaibh ar an bpósadh agus ná truaillítear é. Óir tabharfaidh Dia daorbhreith ar lucht na drúise agus an adhaltranais.


Ach na meatacháin, agus na mídhílsigh, lucht na truaillitheachta, agus na dúnmharfóirí, agus lucht an adhaltranais, na hasarlaíochta agus an íoladhartha, agus lucht an éithigh go léir, is é atá i ndan dóibh, a bheith sa linn tine agus ruibhe. É sin an dara bás.”


Amach leis na madraí, na hasarlaithe, na hadhaltranaigh, na dúnmharfóirí, lucht an íoladhartha, agus gach duine a bhfuil cion aige ar an éitheach agus a chleachtann é.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí