Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Seanfhocal 18:16 - An Bíobla Naofa 1981

16 Tuilleann bronntanas slí isteach do dhuine, agus tugann sé i láthair na bhflatha é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Do ní brontanas duine áit dó, agus do bheir a lathair dhaóine móra é.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 18:16
10 Tagairtí Cros  

“Agus abraigí: ‘Tá do shearbhónta Iacób féin ag teacht inár ndiaidh chomh maith.’ ” Óir a dúirt sé leis féin: “Déanfaidh mé muintearas leis trí bhronntanas a chur chuige roimh ré; nuair a bhuailfidh mé leis béal ar bhéal, b'fhéidir go nglacfaidh sé liom le fabhar.”


“Cuir uait,” arsa Iacób, “má tá fabhar faighte agam i do láthair, glac leis an mbronntanas seo ó mo láimh. Óir, de dhéantús na fírinne, tháinig mé i radharc do ghnúise amhail is dá mba i ngnúis Dé, ach ghlac tú chugat mé le dea-mhéin.


Ansin dúirt Iosrael an t‑athair leo: “Más éigean an scéal a bheith amhlaidh, déanaigí mar leanas: Cuirigí in bhur gcléibh cuid de thogha torthaí na tíre agus beirigí síos chuige siúd mar thabhartas beagán balsaim agus meala agus guma agus tragacant agus cnónna pistéise agus almóinne.


Dúirt rí Arám leis: “Imigh leat agus cuirfidh mise litir chuig rí Iosrael.” D'imigh sé agus thug sé leis deich dtallann airgid agus sé mhíle seicil óir agus deich n‑éide aonaigh.


Buachloch breab dar le fear a bronnta; ritheann leis cibé slí a chasann sé.


Samhlaítear go mbíonn an ceart ag an té is túisce a chuireann a chás in iúl, nó go dtagann an dara duine agus go ndéanann scrúdú air.


Bíonn a lán ar thóir fabhar ón bhfial; is cara ag gach aon duine an té a scaipeann bronntanais.


Cuireann tabhartas faoi choim fearg chun suain, agus múchann breab faoin mbrat an cuthach feirge.


Fuair Ieise [cúig] bhuilín aráin, seithe fíona agus meannán agus chuir go Sól iad le Dáiví a mhac.


Maidir leis an mbronntanas atá á thabhairt ag do bhanóglach go dtí mo thiarna, tugtar é do na hógánaigh, lucht leanúna mo thiarna féin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí