Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Seanfhocal 18:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 Bíonn uaill i gcroí an duine roimh é a scrios, ach umhlaíocht a ghabhann roimh onóir.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Is árd croidhe an duine roimhe a naidhmhilleadh, agus atá a númhlachd roimhe onóir.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 18:12
17 Tagairtí Cros  

Agus anois, a Thiarna, a Dhia liom, tá rí déanta agat díomsa, do shearbhónta, mar chomharba ar Dháiví, m'athair. Ach níl ionam ach ógfhear gan oiliúint mar threoraí.


Tagann an t‑uabhar ar dtús, ansin an náire; tá an eagna ar fáil i measc na n‑uiríseal.


Is teagasc san eagna é eagla an Tiarna; gabhann an umhlaíocht roimh an onóir.


Gabhann uabhar roimh thubaiste; agus éirí in airde roimh threascairt.


Déanfaidh a dhíomas féin fear a threascairt, ach bainfidh an t‑uiríseal ó chroí onóir amach.


“A mhic an duine, abair le prionsa na Tuíre: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Dúirt tú le teann mórchúise: Is dia mé, suím in ionad Dé i lár na farraige. Cé gur duine thú agus nach dia, measann tú bheith ar aon chéim le Dia.


An ndéarfaidh tú fós: ‘Is dia mé,’ i láthair lucht do mharfa? Ní hea, is duine thú agus ní dia, agus tú i lámha marfóirí!


Fágfar an Éigipt ina fásach lom agus tuigfear ansin gur mise an Tiarna. De bhrí go ndúirt sé: ‘Is liomsa an Níl, mise a rinne í’;


Óir gach aon duine a ardaíonn é féin, ísleofar é, agus an té a íslíonn é féin, ardófar é.”


Mar an gcéanna libhse is óige ná sin, bígí umhal do na seanóirí. Cuirigí umaibh, gach duine agaibh, an umhlaíocht i leith a chéile, mar “cuireann Dia in aghaidh lucht an uabhair, ach bronnann sé a ghrásta ar lucht na humhlaíochta.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí