Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Seanfhocal 10:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Ní fhágann an Tiarna an fíréan gan bhia, ach cuireann sé bac ar chraos an urchóidigh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Ní fhuileonguidh an TIGHEARNA anam a nionruic do dhul don ghorta: acht teilgidh sé maóin an chiontaigh seachad.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 10:3
23 Tagairtí Cros  

Agus a bheith ina bhia ag badhbha. Tá a fhios aige go bhfuil an mí-ádh mar chinniúint aige,


Scuabfaidh díle a theach ar shiúl, Mar thuile lá na feirge.


Fuasclóidh sé ón mbás thú in am an ghorta, Agus ón gclaíomh in am an chogaidh.


Feiceann tusa an trioblóid is an buaireamh ionas go bhféadfá cúram a dhéanamh díobh. Is ortsa atá a sheasamh ag an ainniseoir, is tú a thugann cúnamh don dílleachta.


Feicfidh an peacach agus beidh sé ar buile. Bainfidh sé dioscán as a fhiacla agus leáfaidh sé; agus meathfaidh mian an urchóidigh.


chun a n‑anam a shaoradh ón mbas agus iad a bheathú le linn gorta.


Ní thabharfar a náire in am na tubaiste, agus líonfar iad in am an ghorta.


Bhí mé óg, agus anois tá mé aosta, ach ní fhaca mé riamh an fíréan á thréigean ná a shliocht ag iarraidh a gcoda.


Cuir do dhóchas sa Tiarna agus déan an mhaith, agus mairfidh tú sa tír go sábháilte.


Caitheann an fíréan a sháith, ach bíonn goile an urchóidigh follamh.


Scriosann a urchóid féin an coirpeach; ach faigheann an fíréan foscadh óna dhea-iompar.


Spreagann an santach achrainn; an té a bhfuil a mhuinín aige as an Tiarna, beidh an rath air.


An té a iompaíonn a chluas ó éisteacht leis an dlí, is gráiniúlacht fiú a urnaí.


- beidh a chónaí siúd san aird thuas, dún suite ar charraig is ea a thabharfaidh dídean dó, soláthar cinnte aráin aige, agus uisce nach dtéann i ndísc.


Ní fhéadfaidh a gcuid airgid ná óir iad a shábháil. Ar lá dhíbheirg an Tiarna ídeofar an domhan go léir le tine a chuid éada. Cuirfidh sé deireadh, is ea deireadh dithneasach, le háitritheoirí uile an domhain.


Ach déanaigí a ríocht sin a lorg, agus tabharfar daoibh na nithe úd chomh maith.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí