Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Obaidiá 1:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Fís Obaidiá. Mar seo a deir an Tiarna faoi Eadóm; tá scéal faoi cloiste againn ón Tiarna, agus tá teachtaire seolta i measc na náisiún. “Suas linn! Ar aghaidh chun catha linn ina choinne!”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Fis Obadiah. Is marso a deir an Tighearna DIA a ttáobh Edom; Do chuálamar aithris ón TTIGHEARNA, agus do cuireadh teachta a measc na ngeinteadh, Eirghidhse, agus eirghiom súas na haghaidh a ccath.

Féach an chaibidil Cóip




Obaidiá 1:1
28 Tagairtí Cros  

Agus dúirt Éasau le Iacób: “Lig dom cuid den bhrachán rua sin a ithe. Táim stiúgtha” - uaidh sin a fuair sé an t‑ainm Eadóm.


Lonnaigh Éasau dá réir sin i Sliabh Shaeír. Is é Éasau Eadóm.


Is iad seo sliocht Éasau, sinsear na nEadómach i Sliabh Shaeír.


Cuimhnigh, a Thiarna, in aghaidh chlann Eadóm, lá treascartha Iarúsailéim, nuair a dúirt siad: “Scriosaigí í, scriosaigí í; leagaigí go talamh í.”


Fáistine i dtaobh Eadóm. Táthar ag glaoch orm as Saeír: “A fhir fhaire, cá fada fós an oíche? A fhir fhaire, cá fada fós an oíche?”


Is é freagra an fhir fhaire: “Chugainn an mhaidin, agus an oíche arís ina diaidh. Más gá daoibh fiafraí, bígí ag fiafraí; ach iompú thart is gá daoibh, agus filleadh.


cé go bhfuil a thaoisigh tar éis teacht go Zoan, agus a theachtairí imithe fhad le Hánaes.


Ghlac mise an cupán as láimh an Tiarna agus thug mé ar na ciníocha uile chuig ar chuir an Tiarna mé, a ól,


Eadóm, Móáb, agus clann Ámón;


Ach ná bígí go tromchroíoch! Ná scanraígí le gach scéal a bhíonn á reic ar fud na tíre: iomrá i mbliana, ceann eile an bhliain dár gcionn; tá foréigean in uachtar ar talamh agus cealaíonn tíoránach amháin tíoránach eile.


Tháinig briathar an Tiarna chugam:


Ag gluaiseacht rompu amach beidh an té a dhéanfaidh bearna dóibh. Brisfidh siad an geata agus imeoidh siad amach tríd. Gabhfaidh an rí rompu; is é an Tiarna féin a bheidh mar cheannaire orthu.


Cluinfidh sibh cogaí agus caint ar chogaí; seachnaígí agus ná glacaigí scéin, óir ní foláir an uile ní a theacht chun cinn, ach ní hé an deireadh fós é.


Nuair a chluinfidh sibh caint ar chogaí agus ar ráflaí ar chogaí, ná glacaigí scéin; óir ní foláir sin a theacht chun cinn, ach ní hé deireadh fós é.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí