Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Nihimiá 13:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 agus d'fhill mé ar Iarúsailéim. Ansin is ea a chuala mé an choir ghránna a rinne Eiliáisíb do Thóibíá, gur chóirigh sé seomra dó i gcúirt Theampall Dé.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Agus tháinic mé go Hierusalem, agus fuair mé scéula a nuilc do rínne Eliasib ar son Thobiah, a ngléus shéomra dhó a ccúirtibh thighe Dé.

Féach an chaibidil Cóip




Nihimiá 13:7
8 Tagairtí Cros  

Clann mhac Eilióaenai: Hódaiviá, Eiliáisíb, Paláiá, Acúl, Ióchánán, Daláiá, Anáiní, seachtar.


Nuair a bhí an méid sin déanta tháinig na huachtaráin chugam agus dúirt: “Ní dhearna pobal Iosrael ná na sagairt ná na Léivítigh iad féin a dheighilt ó phobail na dtíortha atá báite i ngráiniúlachtaí - na Canánaigh, na Hitigh, na Pirizigh, na Iabúsaigh, na hAmónaigh, na Móábaigh, na hÉigiptigh agus na hAmóraigh -


Bhíodar ag léamh as leabhar Mhaois don phobal um an dtaca sin agus fuair siad scríofa ann: “Ní bheidh cead isteach go deo i gcomhthionól Dé ag an Amónach ná ag an Móábach


agus chóirigh sé seomra fairsing dósan, seomra ina mbíodh na habhlanna, an túis, na soithí, na deachúna arbhair, ola agus fíona á gcoimeád acu roimhe sin; ba é a bhí i gceist leis na nithe sin ná an chuid a bhí dlite do na Léivítigh, na cantairí, na gardaí geata, agus do na sagairt.


Shín a heascairde a lámha amach chun a maoinese go léir; chonaic sise na náisiúin ag réabadh isteach ina sanctóir - an dream ar chros tú féin orthu do chomhthionól a thaithí.


Mar tá sé curtha ar mo shúile dom ag muintir Chlóé, a bhráithre, go mbíonn sibh in achrann le chéile.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí