Nihimiá 13:5 - An Bíobla Naofa 19815 agus chóirigh sé seomra fairsing dósan, seomra ina mbíodh na habhlanna, an túis, na soithí, na deachúna arbhair, ola agus fíona á gcoimeád acu roimhe sin; ba é a bhí i gceist leis na nithe sin ná an chuid a bhí dlite do na Léivítigh, na cantairí, na gardaí geata, agus do na sagairt. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)5 Agus do ghléus sé seomra mór dhó, mar a ccuirdís roimhe a namsin biadh na nofrálach bídh, an túis, agus na soithighe, agus deachmhadha a narbha, a nfíona nuáidh, agus na hola, noch do hórduigheadh do na Lebhítibh, don lucht ceóil, agus do na doirseóirighibh; agus ofrála na sagart. Féach an chaibidil |