Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Nihimiá 13:28 - An Bíobla Naofa 1981

28 Ba chliamhain do Shanballat an Horónach, mac le Iahóiádá, mac Eiliáisíb, agus dhíbir mé as mo radharc é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

28 Agus do bhí aon do mhacaibh Ioíada, mhic Eliasib an tárdshagart, na chlíamhuin ag Sanballat an Horoniteach: uime sin do dhíbir mé uáim é.

Féach an chaibidil Cóip




Nihimiá 13:28
14 Tagairtí Cros  

agus aon duine nach dtiocfadh laistigh de thrí lá - ba é sin rabhadh na gceannairí agus na seanóirí - go ndéanfaí a mhaoin go léir a ghabháil agus é féin a dhíbirt ó chomhthionól na ndeoraithe.


Ba iadsan ceannairí na sagart agus a ngaolta i laethanta Iéisiúa.


fine Hilcíá, Haisibiá; fine Iadaiá, Natanael.


Rinne mé ceartú orthu agus chuir mallachtaí orthu; bhuail mé a lán acu agus staith mé a ngruaig agus thug faoi deara dóibh mionn a thabhairt dar Dia á rá: “Ná tugaigí bhur n‑iníonacha le pósadh dá mic, agus ná tógaigí a n‑iníonacha le bheith mar mhná ag bhur mic ná agaibh féin.


Nuair a chuala Sanballat an Horónach agus Tóibíá an tAmónach daoir, an méid sin, tháinig an-mhíshásamh orthu toisc aon duine a theacht le beart a dhéanamh ar mhaithe le clann Iosrael.


Nuair a chuala Sanballat an Horónach agus Tóibíá an daor Amónach agus Geisim an tArabach mar gheall air seo, rinneadar magadh agus fonóid fúinn agus d'fhiafraíodar: “Céard atá ar siúl agaibh, an bhfuil ceannairc in aghaidh an rí á beartú agaibh?”


Ansin chrom Eiliáisíb an t‑ardsagart agus a chomhshagairt ar Gheata na gCaorach a thógáil; [leagadar síos] a ursana agus ghreamaíodar a chomhlaí [a bholtaí agus a bharraí] agus lean siad ar aghaidh go Túr Hananael.


Nuair a fuair Sanballat, Tóibíá, na hArabaigh, na hAmónaigh, agus na hAisdeodaigh tuairisc go raibh deisiú ballaí Iarúsailéim ag dul chun cinn agus go raibh na bearnaí á n‑iamh de réir a chéile, tháinig an-fhearg orthu,


Scriosfaidh mé maidin ar mhaidin peacaigh na tíre; agus dítheoidh mé as cathair an Tiarna lucht déanta an oilc.


Déanann an rí cliste na hurchóidigh a cháitheadh, agus tiomáineann an roth tharstu.


An rí a shuíonn ina shuí breithimh, scagann sé gach olc lena shúile.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí