Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Nihimiá 13:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 de bhrí nár thángadar in araicis chlann Iosrael le harán agus le huisce. D'fhostaigh siad Balám ina n‑aghaidh le mallacht a chur orthu ach rinne ár nDia beannacht den mhallacht.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Do bhrígh nar airciseadar clann Israel le harán agus le huisce, acht Balaam do lúachughadh na naghaidh, dá mallughadh: acht chéana diompóigh ar Ndíane an mallughadh na bheannughadh.

Féach an chaibidil Cóip




Nihimiá 13:2
12 Tagairtí Cros  

Mallachtaídís! ach bíse dár mbeannachadh; go ndéantar mo naimhde a náiriú agus go ndéana do ghiolla gairdeas.


Cuimhnigh ansin ar a raibh beartaithe ag Bálác, rí Mhóáb, agus ar an bhfreagra a thug Balám mac Bheór air agus tú ag gluaiseacht ó Shitím go Gilgeál chun go dtuigfidh tú na gníomhartha slánaitheacha a rinne mé.”


Ansin reac Balám a laoi agus dúirt: “Éirigh, a Bhálác, agus éist! Tabhair cluas dom, a mhic Zipeor.


Agus déarfaidh an rí á bhfreagairt: ‘Deirim libh go fírinneach, sa mhéid go ndearna sibh é do dhuine den chuid is lú de na bráithre seo agamsa, is domsa a rinne sibh é.’


Ná bíodh cead isteach i dTionól an Tiarna ag Amónach ná ag Móábach; fiú go dtí an deichiú glúin ná bíodh cead isteach go Tionól an Tiarna ag a sliocht go brách.


Óir níor tháinig siad in bhur gcoinne le harán agus le huisce agus sibh ar an tslí amach as an Éigipt, agus d'fhostaigh siad Balám mac Bheór ó Phatór in Arám an Dá Abhainn chun mallacht a chur ort.


Ach ní éisteodh an Tiarna do Dhia le Balám agus rinne an Tiarna do Dhia beannacht den mhallacht duit, mar go raibh grá ag an Tiarna do Dhia duit.


Thréig siad an bealach díreach agus chuaigh siad ar seachrán; lean siad bealach Bhalám ó Bhosor, a bhí ceanúil ar bhrabús an oilc;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí