Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Nihimiá 13:18 - An Bíobla Naofa 1981

18 Nach mar sin díreach a rinne bhur sinsir, i dtreo gur thug Dia an ainnise seo go léir orainn féin agus ar an gcathair seo! An mian libh cuthach eile feirge a thabhairt ar an gcathair le truailliú na sabóide?”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

18 Ané nach deárna bhur naithre marso, agus nach ttug ar Ndía an tolcsa uile oruinn, agus ar an ccathruighsi? atáthaóise fós ag tarruing tuilleamh uilc ar Israel le briseadh na sábbóide.

Féach an chaibidil Cóip




Nihimiá 13:18
16 Tagairtí Cros  

Má thugann muintir na tíre earraí nó bia ar bith le díol ar an tsabóid, ní cheannóimid aon ní uathu ar shabóid ná ar fhéile. Ní éileoimid [torthaí ar an talamh] gach seachtú bliain agus maithfimid gach fiacha.


Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:


Ach mura n‑éisteann sibh liomsa i dtaobh naomhú na sabóide agus gan ualach a iompar ag dul geataí Iarúsailéim isteach lá na sabóide, cuirfidh mise ansin a geataí trí thine; loscfaidh an tine páláis Iarúsailéim agus ní mhúchfar í.’ ”


Ionas nár fhéad an Tiarna bhur míghníomhartha agus bhur ngráiniúlachtaí a iompar nib fhaide; sin é an fáth a bhfuil bhur dtír inniu ina fásach, ina huafás agus ina mallacht, gan áitritheoir.


Mar gur loisc sibh tús, mar gur pheacaigh sibh in aghaidh an Tiarna, agus nár umhlaigh sibh do ghuth an Tiarna, nár shiúil ina dhlí, ina reachta ná ina fhianaise - sin é is cúis leis an anró atá oraibh inniu.”


Ar lig sibh i ndearmad cionta bhur sinsear, cionta ríthe Iosrael agus cionta a bhflatha, bhur gcionta féin agus cionta bhur mban céile a rinneadh i dtír Iúdá agus i sráideanna Iarúsailéim?


Sracfaidh siad do chuid éadaí díot agus sciobfaidh siad do sheoda leo.


Níor thréig sí an striapachas a chleacht sí san Éigipt ina hóige nuair a luigh fir léi ag breith ar a brollach maighdeanúil agus á truailliú lena ndrúis.


Mura n‑éisteann sibh liom dá ainneoin sin, déanfaidh mé sibh a phionósú arís faoi sheacht de bharr bhur bpeacaí.


cuirfidh mé in bhur n‑aghaidh le fraoch feirge, agus leagfaidh mé pionós faoi sheacht oraibh de bharr bhur bpeacaí.


Sibhse a deir: Cathain a chuirfear deireadh leis an ré nua, ionas go ndíolfaimid arbhar, agus leis an tsabóid, ionas go gcuirfimid ár gcruithneacht ar an margadh, agus go ndéanfaimid an t‑éafá beag agus an seicil mór trí chaimiléireacht a dhéanamh ar na scálaí,


Seo sibhse anois ag éirí in áit bhur n‑aithreacha, a chraobh de cheap na bpeacaí ag cur le fraoch feirge lasánta an Tiarna in aghaidh Iosrael!


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí