Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Nihimiá 10:36 - An Bíobla Naofa 1981

36 Ina theannta sin: céadtorthaí ár n‑ithreach, agus céadtorthaí torthaí gach crainn a thabhairt gach bliain go Teampall ár nDé,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

36 Mar an ccéadna cédghin ar mac, agus ar náirnéise, (mar atá scríobhtha san dligheadh), agus primidil ar nealbhadha agus ar ttréad, do thabhairt go tigh ar Ndé, chum na sagart do ni miniostralacht a ttigh ar Ndé:

Féach an chaibidil Cóip




Nihimiá 10:36
14 Tagairtí Cros  

A luaithe a fógraíodh an t‑ordú os ard chruinnigh na hIosraelaigh céadtorthaí an arbhair, an fhíona, na hola, na meala, agus thorthaí na talún, agus thug siad isteach deachúna de gach ní go fial.


Ofráladh íobairtí móra an lá sin agus bhí lúcháir ar an bpobal mar gur mhaith an chúis lúcháire a thug Dia dóibh. Bhí lúcháir ar na mná agus ar na leanaí chomh maith agus is fada ó bhaile ab fhéidir gártha áthais Iarúsailéim a chloisteáil.


agus chóirigh sé seomra fairsing dósan, seomra ina mbíodh na habhlanna, an túis, na soithí, na deachúna arbhair, ola agus fíona á gcoimeád acu roimhe sin; ba é a bhí i gceist leis na nithe sin ná an chuid a bhí dlite do na Léivítigh, na cantairí, na gardaí geata, agus do na sagairt.


“Coisric dom,” ar sé, “gach céadghin; cibé a chéadosclóidh broinn i measc chlann Iosrael, idir fhear is bheithíoch, is liomsa é.”


Tabhair togha céadtorthaí do ithreach go teach an Tiarna, do Dhia. Ná déan meannán a bhruith i mbainne a mháthar.


“Is liomsa gach a n‑osclaíonn broinn, gach fireannach is céadghin i dtréad nó i dtáin leat.


Tugaigí na deachúna go léir isteach sa stóras ionas go mbeidh soláthar bia i mo theachsa; agus cuirigí promhadh orm ar an gcuma sin, a deir Tiarna na Slua, féachaint an osclóidh mé fuinneoga neimhe daoibh chun beannachtaí a dhoirteadh anuas oraibh go flúirseach fial.


Óir is liomsa gach céadghin. An lá a mharaigh mé gach céadghin i dtalamh na hÉigipte, rinne mé gach céadghin in Iosrael idir dhuine agus ainmhí a choisreacan dom féin; is liomsa iad. Mise an Tiarna.”


An duine a bhíonn ag foghlaim an chreidimh, roinneadh sé a chuid maoine ar a oide múinte.


Ansiúd a thabharfaidh sibh bhur n‑ofrálacha loiscthe agus bhur n‑íobairtí, bhur ndeachúna agus tabhartais bhur lámh, bhur n‑ofrálacha móide agus bhur n‑ofrálacha deonacha, céadtorthaí bhur dtána agus bhur dtréada.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí