Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Nihimiá 10:34 - An Bíobla Naofa 1981

34 d'arán na láithreachta, don abhlann bhuan, don íobairt uileloiscthe bhuan, do na híobairtí ar na sabóidí, ar fhéilte na ré nua, ar na sollúntais cheaptha;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

34 Agus do theilgiomar crannchar a méasg na sagart, agus na Lebhiteach, agus an phobail, a ttáobh na hofrála connaigh, dá tabhairt go tigh ar Ndé, do réir thightheadh ar naithreadh, a nam cínnte ó bhlíadhuin go blíadhuin, do loscadh ar altóir an TTIGHEARNA ar Ndía, mar atá sé scríobhtha san dligheadh:

Féach an chaibidil Cóip




Nihimiá 10:34
16 Tagairtí Cros  

Rinneadar an dá dhream acu a eagrú ar cranna mar bhí feidhmeannaigh choisricthe, feidhmeannaigh le Dia, ar chlann Eileázár agus ar chlann Íteámár chomh maith.


Thit an chéad chrann ar Iahóiáraíb, an dara ceann ar Iadaiá,


Táim ag tógáil tí anois d'ainm an Tiarna mo Dhia lena thíolacadh dó le túis spíosraí cumhra a dhó os a chomhair agus le harán an taispeántais a ofráil i gcónaí, agus le híobairtí a loscadh maidin agus tráthnóna, ar na sabóidí agus ar an ré nua, agus ar shollúntais an Tiarna, ár nDia, mar atá ceaptha go deo d'Iosrael.


i dteannta na síoríobartha uileloiscthe, d'ofráil siad na híobairtí ceaptha [do na sabóidí], d'fhéilte na ré nua, agus do na sollúntais atá naofa don Tiarna, agus na híobairtí deonacha a bhí á ndéanamh ag daoine ar leith don Tiarna.


Chuir uachtaráin an phobail fúthu in Iarúsailéim. Cuireadh ar cranna é i measc na coda eile den phobal le go dtiocfadh duine as deichniúr agus cur faoi in Iarúsailéim, an chathair naofa, ach an naonúr eile sna bailte.


agus rinne mé socruithe faoi sholáthar an adhmaid ar uaire áirithe agus faoi na céadtorthaí. Cuimhnigh orm, a Dhia liom, ar mhaithe liom.


Cuireann an crann críoch le haighnis, agus déanann réiteach idir aighneasóirí cumhachtacha.


Níor leor an Liobáin ar fad le haghaidh connaidh, ná níor leor a hainmhithe le haghaidh íobairt loiscthe.


“Gabh chugat roinnt plúir mhín agus bruith dhá bhairín déag de, dhá dheachú d'éafá i ngach ceann.


Ansin leag iad ina dhá rang, sé cinn an rang, ar an mbord glan atá i láthair an Tiarna.


“Tabhair an t‑ordú seo leanas ó bhéal do chlann Iosrael. ‘An ofráil dom, mo bhia d'íobairt uileloiscthe, an chumhracht a thaitníonn liom, féachaigí chuige go dtugann sibh chugam é in am tratha.’


Agus chuir siad ar chrainn é agus thit an crann ar Mhaitias agus airíodh ar an [dáréag] aspal é.


Ach ón lá sin amach rinne Iósua giollaí brosna agus uisce díobh don chomhthionól agus chuir de cheangal orthu, go dtí an lá atá inniu ann, freastal ar altóir an Tiarna cibé ball ba rogha leis.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí