Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Nihimiá 10:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Dá bharr sin go léir rinneamar conradh daingean ar phár, agus chuir ár gceannairí go léir, ár Léivítigh, agus ár sagairt, a n‑ainm faoi shéala na cáipéise;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Anois dob íadso an dream do chuir an séula, Nehemiah an Tirsata, mac Hachaliah, agus Sidciiah,

Féach an chaibidil Cóip




Nihimiá 10:1
11 Tagairtí Cros  

Sheas an rí ar an ardán agus rinne sé conradh i láthair an Tiarna a chur mar cheangal air féin an Tiarna a leanúint agus a aitheanta agus a reachtanna agus a dhlíthe a chomhlíonadh lena chroí go hiomlán, agus lena anam go hiomlán, ionas go mbeadh éifeacht le briathra an chonartha a bhí scríofa sa leabhar sin. D'aontaigh an pobal ar fad leis an gconradh.


Déanaimis conradh lenár nDia, ár mná seo go léir agus an chlann a rugadh dóibh a chur i leataobh de réir do chomhairle-sé agus a gcomhairle siúd a chreathnaíonn roimh aithne ár nDé. Déanaimis de réir an dlí.


Dúirt an gobharnóir leo gan na bianna coisricthe a chaitheamh nó go bhfaighfí sagart a rachadh i gcomhairle leis na hÚirím agus na Tuimím.


Briathra Nihimiá mac Hacailiá. I mí Cisléu san fhichiú bliain [de réimeas Artaxarxaes rí], agus mé i ndúnfort Shúsá,


ar an gcáipéis shéalaithe bhí na hainmneacha seo: Nihimiá mac Hacailiá, Zidiciá,


aontaíonn siad lena ngaolta, agus lena n‑uachtaráin, agus gabhann siad orthu de bhrí mionna agus mallachta siúl i gcosán dhlí Dé a tugadh trí Mhaois searbhónta Dé, agus aitheanta uile an Tiarna, ár dTiarna, agus a ghnásanna agus a reachtanna, a chomhlíonadh.


Dúirt an gobharnóir leo gan na bianna coisricthe a chaitheamh nó go bhfaighfí sagart a rachadh i gcomhairle leis na hÚirím agus na Tuimím.


Agus thug cinn finí fiche míle drachma óir agus dhá mhíle míoná airgid don chiste tógála.


Ansin dúirt (an gobharnóir, Nihimiá agus) Eazrá an sagart agus an scríobhaí (agus na Léivítigh a bhí ag teagasc an phobail) leis an bpobal go léir: “Lá atá coisricthe don Tiarna bhur nDia is ea an lá seo. Ná bígí ag caoineadh ná ag olagón.” Mar bhí an pobal go léir ag sileadh na ndeor nuair a chuala siad briathra an dlí.


Agus chuir Maois aitheanta uile an Tiarna i scríbhinn agus d'éirigh sé go moch lá arna mhárach agus thóg sé altóir faoi bhun an tsléibhe, le dhá ghallán déag do dhá threibh déag Iosrael.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí