Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Nahum 2:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 Gluaiseann na carbaid go fraochta trí na sráideanna; ropann siad ó áit go háit sna cearnóga. Is cosúil le tóirsí iad agus iad ag rith anonn agus anall mar splancacha tintrí.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Aithmheasfuidh sé a dhaóine onóracha: do gheabhuid síad tuisleadh iona siubhal; do dhéanuid deithnios chum a bhallasin, agus gléasfuighear a dhaingean.

Féach an chaibidil Cóip




Nahum 2:5
9 Tagairtí Cros  

Tá an bord á chóiriú agus á chlúdach le héadach; táthar ag ithe agus ag ól... Suas libh, a cheanna feadhna! Smearaigí bhur sciath.


Níl duine díobh atá traochta ná tuirseach, ná duine atá ceanntrom ná codlatach; a chrios níl scaoilte dá chorróig ag aon duine acu ná iall a chuid cuarán briste.


Chuala na náisiúin faoi do náire, líonann an caoineadh duit an talamh; óir thuisligh an gaiscíoch in aghaidh an ghaiscígh, agus thit siad araon in éineacht.”


“Gairigí i gceann a chéile na boghdóirí in aghaidh na Bablóine! Sibhse uile a shíneann an bogha suígí timpeall uirthi; ná bíodh aon dul as aici. Cúitígí léi de réir a saothair; déanaigí léi de réir gach ní dá ndearna sí; cúitígí léi as a bheith uaibhreach in aghaidh an Tiarna, in aghaidh Aon Naofa Iosrael.


Glaonn sé ar a chuid oifigeach; imeacht tuisleach atá fúthu agus iad ar a slí chuige. Réabann siad chun cinn in aghaidh an bhalla; cheana féin tá an sceallbholg suite go daingean ina áit.


Faraor! Cad é mar a chodlaíonn do chuid aoirí, (a rí na hAsaíre)! Cad é mar atá do laochra i dtoirchim suain! Tá do mhuintir scaipthe ar na sléibhte agus níl aon duine ann chun iad a chruinniú arís.


Eachra ag ionsaí, claimhte ag bladhmadh, sleánna ag drithliú... sluaite gonta, na mílte marbh, coirp gan áireamh a bhaineann tuisle as cách!


Tá a gcapaill níos mire ná liopaird; is fíochmhaire iad ná mic tíre na steipe. Siúd ar aghaidh lena n‑eachra ar cosa in airde; is ó áit i bhfad ar shiúl a thagann siad, ar nós iolair a thugann ruathar anuas chun a chreach a alpadh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí