Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Nahum 2:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 Tá millteoir ag teacht i do choinne, Cuir an dún faoi chosaint; déan faire ghéar ar an mbóthar; cóirigh thú féin chun catha; cruinnigh do neart go léir.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Oír do chuir an TIGHEARNA oirdhearcus Iácob ar ccúl, mar oirdhearcus Israel: óir do fholmhuigheadar lucht a nfolmhuighthe íad amach, agus do mhilleadar a mbeangáin fíneamhna.

Féach an chaibidil Cóip




Nahum 2:2
14 Tagairtí Cros  

Cuireann sé ciníocha faoinár smacht agus cuireann sé náisiúin faoinár gcosa.


In ionad a bheith tréigthe mar a bhí tú, i do chéile a raibh fuath ort agus tú fágtha, déanfaidh mé ábhar mórála díot go deo, cúis ghairdis ó ghlúin go glúin.


Ó tá mé ag tosú ar olc a thabhairt ar an gcathair ar a dtugtar m'ainm, an dóigh libh go rachaidh sibhse gan smachtú? Go deimhin ní rachaidh, óir ansin glaofaidh mé ar chlaíomh in aghaidh áitritheoirí uile na talún - Tiarna na Slua a labhraíonn.’


Bhí Móáb i suaimhneas óna óige; shuigh sé ar a mhoirt; níor folmhaíodh é ó shoitheach go soitheach; níor chuaigh riamh i mbraighdeanas; uime sin choinnigh sé a bhlas dílis féin, níor aistríodh a bholadh.


Má thagann lucht bainte caor chugat, ní fhágfaidh siad caora díolama; Má thagann gadaithe san oíche, sladfaidh siad go suaimhneach.


abair leo: ‘Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, glacfaidh mé chugam clann Iosrael ó na ciníocha mar a ndeachaigh siad. Baileoidh mé le chéile iad ó gach taobh agus seolfaidh mé abhaile iad chun a dtíre féin.


Ní thruailleoidh siad iad féin a thuilleadh lena n‑íola agus a nithe gránna ná le haon chuid dá bpeacaí. Fuasclóidh mé iad ó na bearta fill ina raibh siad ciontach, agus glanfaidh mé iad. Beidh siadsan mar phobal agamsa agus beidh mise mar Dhia acusan.


Fíniúin bhláfar a thugadh flúirse torthaí uaidh, ba ea Iosrael; Ach dá líonmhaire a thorthaí, b'amhlaidh ba líonmhaire a altóirí; agus dá shaibhre a chuid talún, b'amhlaidh ba mhaisiúla na liagáin a thóg sé.


“Sladaigí an t‑airgead! Sladaigí an t‑ór!” Tá saibhreas gan áireamh ann, flúirse den uile shaghas maoine.


Tarraing uisce le haghaidh an léigir; neartaigh do dhúnta; satail ar an láib; pasáil an chré; beir greim ar an múnla brící.


“An lá sin ní náireofar thú as na drochghníomhartha ceannairceacha a rinne tú i m'aghaidh. Mar tógfaidh mé as do lár ansin do chuid bladhmairí uaibhreacha; agus uaidh sin amach ní bheidh tú ag siúl timpeall go toirtéiseach níos mó ar mo shliabh naofa.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí