Matha 20:31 - An Bíobla Naofa 198131 Bhagair an slua orthu bheith ina dtost, ach is ea ba mhó a scread siad: “A Thiarna, déan trócaire orainn, a Mhic Dháiví!” Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)31 Chuir an slua brothladh orthu, agus dúirt siad leo bheith ina dtost; ach ba mhóide a ghlaoigh siad os ard, “A Thiarna, déan trócaire orainn, a Mhic Dháibhí!” Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara31 Agus bhagair an sluagh ortha a bheith ina dtost. Acht is amhlaidh a ba mhó a scairt siad-san, ag rádh: A Thighearna, a Mhic Dháibhidh, déan trócaire orainn. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)31 Agus do bhagair an sluagh ortha bheith ’n‐a dtost: acht do b’aoirde do ghlaodhadar amach, A Thighearna, a mhic Dháibhi, déan trócairé orainn. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)31 Achd do spreagadar an slúagh íad, do chum go gcoisgfidís: acd cheana is móide do eíghmheadarsan sin, ag rádh, Déana trócaire oruinn, a Thighearna, a Mhic Dhábhí. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)31 Agus bhí an tsluagh ’ghá gcosg, go n-éistfidís. Ach sin mar a b’aoirde do liúghadar-san: A Thighearna, ar siad; déin trócaire orainn, a Mhic Dáibhid. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201231 Bhagair an slua orthu a bheith ina dtost, ach is ea ba mhó a scread siad: “A Thiarna, déan trócaire orainn, a Mhac Dháiví!” Féach an chaibidil |