Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 15:23 - An Bíobla Naofa 1981

23 Ach ní dúirt Íosa focal ar bith á freagairt. Tháinig a dheisceabail chuige agus bhí siad ag impí air: “Scaoil uait í,” ar siad, “tá sí ag glaoch inár ndiaidh.”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

23 Ach níor thug sé focal de fhreagra uirthi. Agus tháinig a dheisceabail chuige agus chuir siad achainí air agus dúirt siad, “Cuir ar shiúl í, mar tá sí ag screadach inár ndiaidh.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

23 Acht aon fhreagair ní thug sé uirthí. Agus tháinic a dheisciobail chun tosaigh gur ghuidh siad é, ag rádh: Cuir ar shiubhal í, óir tá sí ag scairtigh i n-ár ndiaidh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

23 Acht ní thug seisean aon fhreagra uirthi. Agus tháinig a dheisceabail, agus d’iarradar air, Cuir chum siubhail í siúd; óir atá sí ag síor‐ghlaodhach ’n‐ár ndiaidh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

23 Achd ní thug seisean freagra ar bith uirthe. Agus tangadar a dheisciobail chuige agus do iárradar air, ag rádh, Cuir úainn í; oír a tá sí ag eíghmhe ar ndíaigh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

23 Agus níor thug sé aon fhreagra uirthi. Agus tháinig a dheisgiobuil chuige, agus d’iarradar air í leigint chun siúbhail. Leig chun siúbhail í, ar siad; tá sí ag glaodhach i n-ár ndiaidh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

23 Ach ní dúirt Íosa focal ar bith dá freagairt. Tháinig a dheisceabail chuige agus bhí siad ag impí air: “Scaoil uait í,” ar siad, “tá sí ag glaoch inár ndiaidh.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 15:23
8 Tagairtí Cros  

Nuair a chonaic Iósaef a dheartháireacha, d'aithin sé iad, ach ní dhearna sé ach caitheamh leo mar a dhéanfadh le daoine deoranta agus labhairt leo go borb: “Cad as daoibh?” ar sé. “Ó thír Chanán,” ar siad, “a thángamar chun bia a cheannach.”


Le Dáiví. 1 Ortsa, a Thiarna, a screadaim, éist liom, a charraig. Mura n‑éisteann tú beidh mé mar dhuine a ghabhann síos san uaigh.


Fiú amháin nuair a scread mé air ag lorg cabhrach, thug sé an chluas bhodhar do m'achainí.


Nuair a bhí an tráthnóna ann, áfach, tháinig na deisceabail chuige agus dúirt siad: “Áit uaigneach é seo agus tá sé deireanach feasta. Mar sin, scaoil uait na sluaite go dtéidís isteach sna bailte agus bia a cheannach dóibh féin.”


Agus bhí bean Chanánach a tháinig amach as na críocha sin agus thosaigh sí ag glaoch os ard: “Déan trócaire orm, a Thiarna, a mhic Dháiví,” ar sise, “tá iníon agam agus í á crá go géar ag deamhan.”


D'fhreagair agus dúirt: “Níor cuireadh mé ach amháin go dtí caoirigh caillte theaghlach Iosrael.”


Agus cuimhnigh ar an gcaoi go léir ar threoraigh an Tiarna do Dhia thú le daichead bliain san fhásach, d'fhonn tú a umhlú, tú a phromhadh, agus eolas a chur ar rún do chroí féachaint an gcoimeádfá a aitheanta nó nach ndéanfá.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí