Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 14:28 - An Bíobla Naofa 1981

28 D'fhreagair Peadar é: “A Thiarna,” ar seisean, “más tú atá ann, ordaigh mé a theacht chugat ar bharr an uisce.”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

28 Agus dʼfhreagair Peadar é, “A Thiarna, más tú atá ann, ordaigh dom teacht chugat ar uachtar an uisce.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

28 D’fhreagair Peadar agus dubhairt: A Thighearna, má’s tusa atá ann, órduigh damh-sa teacht chugat ar mhullach na n-uisce.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

28 Agus d’fhreagair Peadar, agus adubhairt, A Thighearna, má’s tusa atá ann, órduigh dhom teacht chugat ar bhárr an uisce.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

28 Agus tug Peadar freagra air agus a dubhairt sé, A Tighearna, más tu atá ann, aithin díomsa dul ad choinne air na huisgidhibh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

28 Agus d’fhreagair Peadar: A Thigearna, ar seisean: má’s tusa atá ann, órduigh dómh-sa teacht ag triall ort ar bhárr an uisge.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

28 Dʼfhreagair Peadar é: “A Thiarna,” ar seisean, “más tú atá ann, ordaigh mé a theacht chugat ar bharr an uisce.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 14:28
11 Tagairtí Cros  

Ach labhair Íosa leo láithreach: “Bíodh misneach agaibh!” ar seisean, “mise atá ann, ná bíodh eagla oraibh.”


Dúirt Íosa: “Tar!” Agus tháinig Peadar amach as an mbád agus shiúil ar bharr an uisce ag déanamh ar Íosa.


Labhair Peadar ansin agus dúirt sé leis: “Sinne, féach, d'fhágamar an uile ní agus leanamar thusa: cad a bheidh againn, más ea?”


Ach is mar sin is déine a labhair sé: “Más ea féin go gcaithfidh mé bás a fháil in éineacht leat, ní shéanfaidh mé thú.” Agus dúirt siad uile an rud céanna.


D'fhreagair Síomón Peadar é: “A Thiarna, cé chuige a rachamaid? Is agatsa atá briathra na beatha síoraí,


De bhrí an ghrásta a tugadh dom, is é a deirim leis an uile dhuine agaibh gan meas thar ceart a bheith ag aon duine air féin ach é féin a mheas go cothrom de réir tomhas an chreidimh a roinn Dia leis.


Ach iarradh sé le creideamh, gan ruainne amhrais, mar an té a bhfuil amhras air, is cosúil le tonn mhara é a shéideann an ghaoth roimpi agus a shuaitheann sí anonn is anall.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí