Lúcás 14:9 - An Bíobla Naofa 19819 agus go dtiocfaidh an té a thug an cuireadh duit féin agus dó sin, á rá leat: ‘Tabhair áit dó seo,’ agus go gcaithfeá ansin agus ceann faoi ort an áit is ísle a ghabháil. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)9 agus ar eagla go dtiocfaidh an té a thug an cuireadh duitse agus dósan agus go ndéarfadh sé leat, ‘Fág do shuíochán don duine uasal seo,’ agus go mbeidh ort ansin dul sa suíochán is ísle agus tú náirithe. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara9 Agus go dtigeadh an té a thug cuireadh duit-se agus dó-san, agus a rádh leat: Tabhair áit do’n fhear seo; agus annsin toiseochaidh tú fá náire a ghlacadh na h-áite is ísle. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)9 agus go dtiocfadh an té thug cuireadh dhuit‐se, agus dó‐san, agus go n‐abróchadh sé leat, Tabhair an áit seo do’n duine so; agus annsin go gcaithfeá dul san áit is ísle, agus náire ort. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)9 Agus go dtiocfadh an tí do ghoir thusa agus eision agus go naibhéoradhsé riot, Tabhair ionad dó so; agus ann sin do thoiseóchthá maille le náire suidhe ann sa nionad is ísle. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)9 Agus nuair a thiocfadh sé sin go ndéarfadh an t-é a thug cuireadh dhuit-se agus dó-san leat, Tabhair an áit sin dó so; agus ansan go gcaithfá dul agus fanmhaint sa n-áit is ísle agus náire ort. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 20129 agus go dtiocfaidh an té a thug an cuireadh duit féin agus dó sin, dá rá leat: ‘Tabhair áit dó seo,’ agus go gcaithfeá ansin agus ceann faoi ort an áit is ísle a ghabháil. Féach an chaibidil |