Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 14:28 - An Bíobla Naofa 1981

28 Óir cé agaibh arb áil leis túr a thógáil, nach suífidh síos ar dtús agus an costas a mheas, féachaint an acmhainn dó é a chríochnú?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

28 Mar cé agaibh ar mhian leis túr a thógáil, nach suíonn síos an chéad uair leis an gcostas a chomhaireamh, go bhfeice sé an bhfuil go leor aige lena chríochnú?

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

28 Óir cé agaibh, agus mian aige túr a thógáil, nach suidheann síos ar dtús leis an chostas a bhíos riachtanach a chunntas, féachaint an bhfuil go leor aige le n-a chríochnughadh,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

28 Óir cia aca dhíbh‐se gur mian leis túr do thógáil, nach suidheann síos ar dtús chum an costas do mheas, d’fhéachain an bhfuil a dhóthain aige le críoch do chur air?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

28 Oír cía agaibhsi duine le madh mian tor do dheanamh, nach suidhfeadh ar tús, do theilgean cuntais an chosdúis, an mbiadh acfuinn aige chum críche do chur air?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

28 Óir cé’cu agaibh-se gur mhaith leis túr do chur suas ná suidhfeadh síos ar dtúis chun an chosdais, nár bhfoláir a dhéanamh, do mheas, féachaint an mbeadh dóithin na h-oibre aige?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

28 Óir cé agaibh arb áil leis túr a thógáil, nach suífidh síos ar dtús agus an costas a mheas, féachaint an acmhainn dó é a chríochnú?

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 14:28
12 Tagairtí Cros  

Leag amach a bhfuil romhat ar an mbán, agus déan do phrapáil ar an machaire; imigh leat ansin agus tóg do theach.


Agus beidh fuath ag cách daoibh mar gheall ar m'ainmse. Ach an té a sheasfaidh amach go deireadh, sábhálfar é.


Dúirt Íosa leis: “Tá pruchóga ag na sionnaigh agus neadacha ag éanlaith an aeir, ach níl ag Mac an Duine áit ar a leagfadh sé a cheann.”


Cibé nach ndéanann a chros a iompar agus teacht i mo dhiaidh, ní féidir dó bheith ina dheisceabal agam.


Le heagla, tar éis dó bonn a leagan agus gan air a chumas é a thabhairt chun críche, go dtosódh an lucht féachana ag fonóid faoi á rá:


A dhála sin díreach, gach duine agaibhse nach dtréigeann a mhaoin uile ní féidir dó bheith ina dheisceabal agam.


Ach d'fhreagair Pól ansin: “Cad ab áil libh bheith ag olagón mar sin agus ag scóladh an chroí ionam? Táim ullamh ní amháin le mo cheangal ach leis an mbas féin a fhulaingt ar son ainm an Tiarna Íosa in Iarúsailéim.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí