Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 14:14 - An Bíobla Naofa 1981

14 agus beidh sonas ort, de bhrí nach bhfuil teacht acu ar é a chúiteamh leat; óir cúiteofar leat é in aiséirí na bhfíréan.”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

14 agus gheobhaidh tú beannacht, ó nach féidir leo a chúiteamh leat. Ach cúiteofar an chomaoin leat in am aiséirí na bhfíréan.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

14 Agus béidh tú beannuighthe, de bhrígh nach mbíonn sé ar a gcumassan cúiteamh a dhéanamh leat; óir dhéanfar cúiteamh leat i n-eiséirghe na bhfíréan.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 agus béidh beannacht ort; de bhrigh nach bhfuil ar chumas dóibh cúiteamh do dhéanamh leat: óir cúiteochar leat i n‐aiséirghe na bhfíréan.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

14 Agus biádh tú beannuighe; do bhrigh nach bhfuil acfuinn aca an chomáoin cheadna do thabhairt dhuit: óir do bhéarthar a luáidheachd dhuit a neiséirghe na bhfíréun.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

14 Agus beidh áthas ort, mar ní bheidh ar a gcumas cúiteamh a dhéanamh leat; agus déanfar an cúiteamh leat i n-aiseirighe na bhfíoraon.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

14 agus beidh sonas ort, de bhrí nach bhfuil teacht acu ar é a chúiteamh leat; óir cúiteofar leat é in aiséirí na bhfíréan.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 14:14
11 Tagairtí Cros  

An té a bhíonn cineálta leis na boicht, tugann sé iasacht don Tiarna, déanfaidh sé cúiteamh ar son a ndearna sé.


ach do dhéirc a bheith faoi choim. Feiceann d'Athair an beart faoi choim agus cúiteoidh sé leat.


Ach nuair a bhíonn fleá agat á tabhairt, tabhair cuireadh do bhoicht, do mhairtínigh, do bhacaigh, do dhaill;


agus tiocfaidh siad amach - iad seo a rinne an mhaith chun aiséirí na beatha, agus iad seo a rinne an t‑olc chun aiséirí an bhreithiúnais.


Agus tá an dóchas céanna as Dia agam atá acu féin, is é sin go bhfuil aiséirí le bheith ag an dea-dhuine agus ag an drochdhuine araon.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí