Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Léivític 8:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 Chuir sé an cheannbheart ar a cheann agus shocraigh an lann óir uirthi chun tosaigh; í sin an choróin bheannaithe de réir mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Agus do chuir an míter ar a cheann; ar a míter mar an gcéadna, éadhon ar éadan an mhíter, do chuir sé an pláta óir, an choiróin náomhtha; mar do aithin an TIGHEARNA do Mhaóise.

Féach an chaibidil Cóip




Léivític 8:9
10 Tagairtí Cros  

Seo iad na héidí atá le déanamh acu: lúireach agus éafód agus fallaing agus ionar bróidnithe agus ceannbheart agus crios. Déanfaidh siad éidí naofa do do dheartháir Árón agus dá mhaca le fónamh dom mar shagairt.


Cuirfidh tú an cheannbheart ar a cheann, agus an choróin naofa ar an gceannbheart.


Rinne Maois amhlaidh; rinne sé sa tslánchruinne mar a d'ordaigh an Tiarna dó.


Tar éis an t‑ionathar agus na cosa a ní le huisce, loisc Maois an reithe go léir ar an altóir, mar íobairt uileloiscthe, a bhí ina boladh cumhra a thaitin leis an Tiarna; ba íobairt dhóite don Tiarna í de réir mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.


Rinne Árón agus a chlann mhac gach ní a d'ordaigh an Tiarna trí Mhaois.


“Cuirigí ceannbheart glan ar a cheann,” ar seisean ansin. Chuir siad an ceannbheart glan ar a cheann agus ghléas siad é sna héadaí. Lena linn sin bhí aingeal an Tiarna ina sheasamh in aice láimhe.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí