Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Léivític 7:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 Gach abhlann a bácáladh i sorn, gach abhlann bruite ar ghrideall nó in oigheann, bíodh sí ag an sagart a ofrálann í.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Agus gach uile ofráil bhídh dá mbácáltar annsa bhácus, agus gach uile dheasuighthear annsa bhfrithóigheann, agus annsa noighean, biaidh ag an tsagart ofrálus é.

Féach an chaibidil Cóip




Léivític 7:9
12 Tagairtí Cros  

An t‑airgead a ofráladh mar éiric ar choir, nó mar chúiteamh i bpeaca, níor tugadh é do Theampall an Tiarna; leis na sagairt ab ea é sin.


Íosfaidh siad an abhlann, íobairt an pheaca agus íobairt an chúitimh; gach rud a chuirtear faoin mbang in Iosrael beidh sé acusan.


Fuílleach na habhlainne, bíodh sé ag Árón agus ag a chlann mhac; is cuid shárnaofa é d'íobairtí dóite don Tiarna.


Comhlíonadh an sagart ar an gcuma sin gnás an leorghnímh don duine ar son an pheaca a rinne sé in aon cheann de na cúinsí sin agus maithfear dó. An fuílleach a fhágtar bíodh sé ag an sagart dála na habhlainne.”


Gach abhlann fuinte le hola, nó tur, bíodh sí ag clann Árón go léir gan idirdhealú.


An sagart a ofrálann íobairt uileloiscthe ar son duine, bíodh seithe an íobarthaigh uileloiscthe a d'ofráil sé aige.


Sé seo a bheidh agat de na nithe sárnaofa, den bhia curtha ar leith ón tine: gach ofráil a dhéanann clann Iosrael ar ais dom, cibé acu abhlann í, nó íobairt pheaca, nó íobairt leorghnímh, is rud sárnaofa í; bainfidh sí leatsa agus le de mhaca.


Nach eol daoibh, iad sin a bhíonn i mbun searmanais an teampaill, go gcaitheann siad bia an teampaill; agus iad sin a bhíonn ag freastal ag an altóir, go bhfaigheann siad a gcion de bhia na haltóra?


Cé a théann riamh ag saighdiúireacht ar a chostas féin? Cé a chuireann fíonghort ach nach n‑itheann cuid dá thoradh? Nó cén t‑aoire a dhéanann aoireacht ach nach n‑ólann bainne a thréada féin?


An duine a bhíonn ag foghlaim an chreidimh, roinneadh sé a chuid maoine ar a oide múinte.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí